Tá féilte ar cheann de na príomhbhealaí a thacaíonn an Chomhairle Ealaíon le foirmeacha ealaíne agus leis an bpobal teacht níos fearr a fháil ar na healaíona ar fud na tíre. Is cuid lárnach den bheartas ealaíon iad agus gné thábhachtach de shaol an phobail. Tá féilte ina n-ardáin a thugann spás léirithe don tsármhaitheas in áiteanna ar chúl éaga. Comhshaothair uathúla iad a tharraingíonn ealaín, áit agus an lucht féachana le chéile. Deiseanna spraoi agus siamsaíochta iad. Ó thaobh cúrsaí sóisialta, geilleagair agus ealaíon, go háirithe, táimid ag cur tús le séasúr samhraidh lán le féilte, idir bheag agus mhór, a bheidh ar siúl beag beann ar an aimsir, a tharraingeoidh cáil ar Éirinn agus a mheallfaidh cuairteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon go gach cearn den tír.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag maoiniú 8 bhféile ealaíon ildisciplíneacha in 2014 tríd an gclár deontas, 130 féile trí Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí mar aon le scata féilte le haghaidh foirmeacha ealaíne aonair ar fud na tíre. Is minic a aithnítear agus a chuirtear i láthair foirmeacha ealaíne nua nó a aithnítear bealaí nua chun saothar a chur i láthair ag féilte ealaíon ildisciplíneacha.
Is minic freisin a bhíonn féilte beaga fíorthábhachtach don phobal, á spreagadh agus á ngríosú chun páirt a ghlacadh i mbuaicphointe na bliana. Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis mionsonraí a fhógairt anseo le déanaí maidir leis na hiarratasóirí ar éirigh leo faoi bhabhta a dó de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí don bhliain 2014, atá dírithe go sonrach ar imeachtaí agus ar fhéilte beaga áitiúla a bhfuil maoiniú suas le €40,000 iarrtha ar an gComhairle ina leith. Tá €307,500 san iomlán bronnta ar 72 féile agus imeacht ar fud na tíre mar thoradh ar 199 iarratas a fuarthas.
Ó Chill Chainnigh go Gaillimh, ón Earagail go dtí Éigse Cheatharlach agus an Chlocháin, is iomaí cineál ealaíne agus tallainne atá ann le haimsiú. Cuirfear i láthair imeachtaí suimiúla ilghnéitheacha atá múnlaithe ag eolas cuimsitheach ar an lucht féachana áitiúil agus ar na cuairteoirí a bheidh ann. Rannpháirtíocht spreagúil idir ealaíontóirí agus an lucht féachana agus éisteachta agus fórsa beatha an phobail freisin atá i bhféilte speisialaithe amhail Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath, Féile Cheoil Iarthar Chorcaí, Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman. Nuair a bhíonn féile ar siúl, bíonn spontáineacht iontach agus díograis le brath ann ó na daoine áitiúla agus ó chuairteoirí as gach cearn den tír agus ó thar lear.
Le dea-mhéin,
Orlaith McBride Stiúrthóir