Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta i gcomhair na Scéime Cónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon, 2015.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Déardaoin, an 10 Meán Fómhair ag 5.30pm.
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon deis a thabhairt do choimeádaithe físealaíon taighde a dhéanamh agus a gcleachtas a fhorbairt, fad is a dhéanfaidh siad clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le heagraíocht ealaíon nó eagraíocht nach mbaineann leis na healaíona, macasamhail cuideachta, ionaid, féile, údaráis áitiúil nó eile. Ceapfaidh an coimeádaí, i gcomhar leis an eagraíocht chomhpháirtíochta, ábhar sonrach an chláir oibre.
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon:
- Deiseanna a chur ar fáil do choimeádaithe ar fud na tíre chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar chlár oibre a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtais féin a chur chun cinn
- Deiseanna a chur ar fáil d’eagraíochtaí ealaíon agus d’eagraíochtaí nach mbaineann leis na healaíona ionas go mbainfidh siad sochar as cleachtas coimeádaíochta
- Cur chuige meáite agus bealaí nuálacha a spreagadh chun lucht féachana nua a mhealladh le físealaíona comhaimseartha ardchaighdeáin ar leibhéal áitiúil/réigiúnach/náisiúnta
- Forbairt agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí físealaíon ardchaighdeáin a spreagadh laistigh de chomhthéacsanna difriúla
Cur chuige comhordaithe a spreagadh idir coimeádaithe agus eagraíochtaí Is é €20,000 an t‑uasmhéid a dhámhfar ar gach iarratas rathúil.
Osclófar an scéim i gcomhair iarratas i dtús mhí Lúnasa 2015.
Ní mór gach iarratas a sheoladh isteach ar shuíomh Gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní ghlacfar le foirmeacha iarratais a chuirtear isteach ar an ríomhphost, ar an bpost, nó trí fhacs.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Físealaíon, déan teagmháil le Kate O'Donnell, Oifigeach Físealaíon agus Ailtireachta ag 01 6180236 nó trí ríomhphost chuig kate.odonnell@artscouncil.ie