Babhta nua ilDÁNA fógartha
Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann chun oibriú i gcomhar le TG4 agus an Chomhairle Ealaíon mar chomhpháirtí ar an mbabhta nua ilDÁNA 2018.
Deis nua iontach is ea é seo do lucht scannán faisnéise chun clár faisnéise fadfhoirme aonuaire suaitheanta agus cineamatach a dhéanamh ar na healaíona i nGaeilge. Roghnófar tionscadal faisnéise cruthaitheach amháin le maoiniú €120,000 a thaispeánfar i dtéatair agus a chraolfar ar phríomhsceideal cláir TG4 chomh maith.
Spreagtar déantóirí scannán le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhar agus ar chuir chuige atá cruthaitheach, spreagtha, sainiúil agus uaillmhianach ina raon chun scannán idir 60 agus 70 nóiméad a sholáthar.
Ní mór iarratais a dhéanamh le hIonad Scannán na Gaillimhe tráth nach déanaí ná 17:00 Déardaoin, 21 Meitheamh 2018.
Chun tuilleadh eolais a fháil feic www.galwayartscentre.ie
|