Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt
Tá an Chomhairle Ealaíon ag oibriú chun beartas cuimsitheach ar Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt le bliain anuas. Bhí an riachtanas atá orainn Beartas um Chomhionannas Inscne a chur i bhfeidhm in 2018 agus ár nDualgas san Earnáil Phoiblí níos leithne chun daoine a chosaint go réamhghníomhach ó idirdhealú i leith naoi mbunús idirdhealaithe atá cumhdaithe sa reachtaíocht – inscne, claonadh gnéis, stádas sibhialta nó teaghlaigh, creideamh, aois, míchumas, cine agus ballraíocht de Phobal an Lucht Siúil, mar bhonn eolais an bheartais seo.
Léigh a thuilleadh >>
Tionscnamh Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon
An scéal is déanaí agus na céad céimeanna eile do thionscnamh Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon.
Léigh a thuilleadh >>
Clinicí Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon (do scríbhneoirí atá ag obair i mBéarla) Déardaoin, an 31 Eanáir 2019 ag 5.30pm. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinicí faisnéise in Éigse Éireann agus in Áras na Scríbhneoirí roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.
Léigh a thuilleadh >>
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh Katy Fitzpatrick mar Chomhairleoir - Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Tá Katy Fitzpatrick ag oibriú in oideachas ealaíon le 15 bliana anuas agus in oideachas dánlainne go háirithe. Bhí poist aici san Acadamh Ibeirneach Ríoga, Temple Bar Gallery & Studios, Dánlann Tate i Londain, Dánlann Bhaile Átha Cliath, an Hugh Lane agus Áras Nua-ealaíne na hÉireann.
Léigh a thuilleadh >>
Ba mhaith leis an bhfoireann Amharc-ealaíon sa Chomhairle Ealaíon na faighteoirí rathúla seo a leanas a fhógairt do Scéim Spás Oibre 2019.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2019 a fhógairt.
Tá deontais oiread agus €40,000 ar a mhéad á dtairiscint faoin scéim sin i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí.
Léigh a thuilleadh >>
Tairiscint do Sholáthar Seirbhísí Comhairleacha Rannpháirtíochta sna hEalaíona don Chomhairle Ealaíon
Is mian leis an gComhairle Ealaíon seirbhísí Comhairleoir Rannpháirtíochta sna hEalaíona a fháil chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh cáilíocht agus seachadadh seirbhíse araon.
Léigh a thuilleadh >>
|
|