Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO. Tar éis tairiscint faoi threoir Ionad Scannán na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, d’fhógair Ard-Stiúrthóir UNESCO ar an 1 Nollaig gur éirigh le Gaillimh stádas Cathair Scannán a bhaint amach. Tá Gaillimh anois, mar aon le Sydney agus Bradford ar cheann de cúig chathair scannán agus tá sí ina comhalta chomh maith de Ghréasán Cathracha Cruthaitheacha UNESCO. Aitheantas atá i sainiú na Gaillimhe mar Chathair Scannán ar a ról mar ionad lárnach do scannán in Éirinn. Breisíonn sé stádas na scannán i nGaillimh agus tá an fhéidearthacht ann deis a thabhairt d’ealaíontóirí agus lucht féachana rannpháirtíocht leanúnach a bheith acu i scannáin sa chathair amach anseo.
|