Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
 |
Tá scoileanna in anniarratais a dhéanamh anois go dtí 17:30, Déardaoin, 19 Márta 2020.
Tá tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta.
Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tacaíonn sé le scoileanna a bPlean Scoile Ildánaí féin a fhorbairt agus tosú á chur i bhfeidhm. Oibríonn scoileanna a ghlacann páirt le Comhlach Cruthaitheach chun Plean a chruthú, baineann siad leas as an réimse acmhainní ina scoil agus ina bpobal i gcoitinne, agus forbraíonn siad bealaí nua oibre a neartaíonn an tionchar atá ag an gcruthaitheacht ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar fholláine na scoláirí. Bíonn ról lárnach ag leanaí agus daoine óga sa phróiseas seo.
Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
Beidh 150 scoil nua as gach cearn den tír rannpháirteach sa tionscnamh i mbliana. Gheobhaidh na scoileanna rannpháirteacha pacáiste tacaíochta gach bliain lena n-áirítear oiliúint, suas le naoi lá tacaíochta ó Chomhlach Cruthaitheach agus deontas aon uaire €4,000 (san iomlán) chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm in 2020–21 agus 2021–22.
 |
|