Spriocdháta: Scéim Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
 |
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2020, scéim maoinithe d'ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Dírítear i gCeangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas agus tá dámhachtainí ann i gcomhair Saothar Nua, Meantóireachta agus Oiliúna.
Tugann an scéim deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile; a gcleachtas a athrú; ‘céim chun cinn’ a thógáil ó thaobh scóipe agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú; agus dul i mbun meantóireachta agus oiliúna.
Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2020 lena n-íoslódáil ó www.adiarts.ie/connect ó Dé Luain, 13 Eanáir. Spriocdháta do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais: Dé Luain 24 Feabhra ag 4 i.n.
Clinicí Faisnéise Bí i dteannta Amie Lawless a inseoidh dúinn cén chaoi a n-oibríonn an scéim agus beidh deis agat an oiread ceisteanna agus is mian leat a chur. Beidh tae agus caife ar fáil. Óstálfar seisiúin faisnéise i gCorcaigh, i gCeatharlach, san Uaimh agus i mBaile Átha Cliath i mbliana.
21 Eanáir – Dánlann Ealaíne Crawford, Corcaigh ag 2 i.n 29 Eanáir – Ionad Visual, Ceatharlach ag 2 i.n 30 Eanáir – Solstice Arts Centre, An Uaimh ag 2 i.n 6 Feabhra – Project Arts Centre, Baile Átha Cliath ag 2 i.n
Seol ríomhphost chuig amie@adiarts.ie dá mba leat freastal ar sheisiún faisnéise. Tá gach ceann de na hionaid tionóil inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Má tá aon riachtanais bhreise agat maidir le rochtain téigh i dteagmháil linn le do thoil.
Má tá faisnéis uait faoi na dámhachtainí agus tacaíocht uait leis an iarratas, téigh i dteagmháil le: Amie Lawless, amie@adiarts.ie / 01 8509006
Tá Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bhainistiú ag Arts & Disability Ireland.
 |
|