Choimeád na hailtirí Éireannacha Yvonne Farrell agus Shelley McNamara an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta - La Biennale di Venezia 2018 anuraidh. Bhí siad ar na chéad Éireannaigh ar tugadh cuireadh dóibh La Biennale di Venezia a choimeád le linn an 123 bliain a bhfuil sé ar bun. Tugadh cuireadh do 16 fhoireann ailtirí Éireannacha saothair íocónacha le hailtirí idirnáisiúnta an 20ú hAois a athshamhlú don imeacht mór seo, agus cuireadh na saothair sin ar taispeáint faoin ainm:
Close Encounter, Meetings With Remarkable Buildings, Special Section of the 16th International Architecture Exhibition of la Biennale di Venezia.
Beidh sé seo ar cheann de na léirithe is mó de thallann ailtireachta a chonacthas in Éirinn riamh agus rachaidh sé ar camchuairt ar fud na tíre. Cuirfear an seó ar taispeáint ag Dánlann Glucksman, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ón 6 Aibreán go dtí an 20 Meitheamh agus ag Ionad Visual, Ceatharlach ón 20 Meán Fómhair go dtí an 19 Eanáir 2020.
Rinne an tOllamh Hugh Campbell comhchoimeádaíocht ar an taispeántas Close Encounter, ina bhfuil suiteálacha dealbhacha tumtha ó na hailtirí seo a leanas: A2 Architects, Boyd Cody Architects, Bucholz McEvoy Architects, Carr Cotter & Naessens Architects, Clancy Moore Architects, Tom dePaor, Dominic Stevens & JFOC, Donaghy + Dimond architects, GKMP Architects, Hassett Ducatez Architects, Heneghan Peng Architects, Kevin Donovan & Ryan W. Kennihan Architects, Mary Laheen & Aoibheann Ní Mhearáin, Noreile Breen, Steve Larkin, Taka Architects.
“Iarrtar ar gach ailtire ar iarradh air nó uirthi páirt a ghlacadh in Close Encounter a bheith flaithiúil agus é ag ‘tógáil’ saothar ailtire eile chun comóradh a dhéanamh ar an saothar sin, go dtuigfear é ar bhealach nua, go dtabharfar luach leis arís agus go n-aithneofar an luach a bhain leis roimhe,” a dúirt Yvonne Farrell agus Shelley McNamara, coimeádaithe an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta – La Biennale di Venezia 2018
D'eascair Close Encounter: Meetings with Remarkable Buildings as Tionscnamh Meantóireachta de chuid na Comhairle Ealaíon mar Thionscadal Speisialta de chuid Yvonne Farrell agus Shelley McNamara, Coimeádaithe Freespace, an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, an Veinéis. Maoinithe ag an gComhairle Ealaíon, bhí sé mar aidhm ag an tionscnamh 16 ailtire, ar tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in Biennale 2018, a chumasú le scileanna a fhorbairt chun a saothar a chur i láthair agus a chur in iúl do lucht féachana poiblí sa Veinéis. Beidh deis ag lucht féachana anseo dul i ngleic leis an taispeántas ailtireachta uathúil seo, agus cuirfear le hoidhreacht an Tionscnaimh Meantóireachta le haghaidh chleachtas, choimeád agus chultúr na hailtireachta in Éirinn.
Tá an chamchuairt á léiriú ag Foras Ailtireachta na hÉireann i gcomhpháirtíocht le Dánlann Glucksman agus Ionad Visual, Ceatharlach, agus tá sí á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon le tacaíocht bhreise ó Dublin Port Company.
Reáchtálfaidh Foras Ailtireachta na hÉireann Comhdháil ar Ailtireacht a Choimeád ar an 6 Aibreán i gCorcaigh, i gcomhpháirtíocht le Dánlann Glucksman agus National Sculpture Factory.
Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcomhdháil.