Breac síos an Dáta! Líonrú Fhéile na hEorpa Cruthaithí i nDún Éideann
Le linn fhéilte Dhún Éideann, rachaimid i bpáirt le Deasc Chultúir na hEorpa Cruthaithí sa Ríocht Aontaithe i nDún Éideann, Dé Céadaoin an 23 Lúnasa, 6-8 p.m., chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomhar agus ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta sna foirmeacha ealaíne. Má tá tú ag freastal ar cheann ar bith de na Féilte, breac síos an dáta agus tar agus buail linn.
Beidh an t-imeacht seo saor in aisce agus is deis iontach é chun tuilleadh a fhoghlaim faoi obair chomhoibríoch ar fud na hEorpa. Bí spreagtha, éist le scéalta ratha, agus cuir aithne ar chomhpháirtithe féideartha!
AN EORAIP CHOMHOIBRÍOCH: AN BEALACH AGUS AN FÁTH MBÍONN SÍ AR BUN AGAINN
Sceideal
18.30 - 19.00 Teacht agus deochanna
19.00 - 19.30 Fáilte, agus plé gearr painéil ar na dúshláin agus na buntáistí a bhaineann le comhar Eorpach
19.30 - 20.30 Líonrú leis na cainteoirí agus le gairmithe eile ealaíon, cruthaitheacha agus cultúrtha a bhfuil suim acu i gcomhar Eorpach agus i gcomhar idirnáisiúnta
Cainteoirí Deimhnithe an Phainéil
Liz Pugh, Walk the Plank, comhpháirtí ceannasaí i dTionscadal Comhoibrithe a dhíríonn ar na healaíona faoin aer, School of Spectacle
Alex Smith, XpoNorth, comhpháirtí i dTionscadal Comhoibrithe an tionscail cheoil, EXCITE
Ailbhe Murphy, Create, Éire, comhpháirtí ceannasaí i gClár Comhpháirtíochta sna hEalaíona
Cainteoirí eile le deimhniú go luath.
Déan naisc, buail le páirtithe tionscadail féideartha agus roinn do thaithí féin le gloine fíona agus cúpla canapé. Rachaidh ticéid Evenbrite beo go luath – léigh tuilleadh faoi ar shuíomh gréasáin Dheasc na hEorpa Cruthaithí sa Ríocht Aontaithe.
Cathracha is fearr na hÉireann sa Tuarascáil ar Mhonatóir na gCathracha Cultúrtha agus Cruthaitheacha!
Tá Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge ar fad sa Mhonatóir, a
léiríonn an tábhacht a chuireann na cathracha sin leis an gcultúr agus leis an gcruthaitheacht.
Uirlis nua ar líne is ea Monatóir na gCathracha Cultúrtha agus Cruthaitheacha chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chathracha na hEorpa i gcomparáid lena bpiaraí ag baint úsáid as sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon. Cuireann sé comhbhonn fianaise ar fáil ar an leibhéal cathrach a chuidíonn le cinnteoirí foghlaim óna chéile agus a spreagfaidh beartais go dóchasach chun borradh a chur faoi fhás geilleagrach agus faoi chruthú post, forbairt shóisialta agus folláine na saoránach a chothú, agus teacht aniar a neartú.
Tá faisnéis chainníochtúil an Mhonatóra gafa i 29 táscaire. Tá siad sin curtha i ngrúpaí de 9 ngné a léiríonn 3 mhórghné de bhrí chultúrtha, shóisialta agus gheilleagrach na gcathracha: ‘Beocht Chultúrtha’, ‘Geilleagar Cruthaitheach’ agus ‘Timpeallacht Chumasúcháin’.
Foilsíodh an chéad eagrán den tuarascáil agus cumhdaítear 168 cathair i 30 tír ann.
Tagann Corcaigh sa chéad áit i gcatagóir na ‘Beochta Cultúrtha’ sa ghrúpa S-M as 64 tír rangaithe. Ar an iomlán bhí Corcaigh sna hocht gcathair chultúrtha agus chruthaitheacha iontacha is fearr in éineacht le Páras agus Eindhoven. Fuair Baile Átha Cliath an tríú háit ar ‘Bheocht Chultúrtha’ sa ghrúpa XL as 34 cathair rangaithe a bhuí dá fheidhmíocht shuntasach ar Ionaid agus Saoráidí Cultúrtha (2ú).
Tugann an t-ardán seo deis d’úsáideoirí an 168 cathair roghnaithe agus an fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil faoina bhfeidhmíochta a bhrabhsáil ar leathanach na dTíortha agus na gCathracha:
https://composite-indicators.jrc.ec.europa.eu/cultural-creative-cities-monitor/
Is féidir leat an tuarascáil iomlán a íoslódáil anseo agus bileog fíricí na hÉireann anseo.
Torthaí Shraith na Tacaíochta do Líonraí na hEorpa!
Tugann an Eoraip Chruthaitheach tacaíocht do líonraí na hEorpa chun cuidiú leis na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha oibriú ar bhonn trasnáisiúnta agus a n-iomaíochas a neartú.
Tá ról tábhachtach ag líonraí maidir le himreoirí náisiúnta ilroinnte ar fud na hEorpa a thabhairt le chéile.
Thairg an tsraith maoinithe seo tacaíocht airgeadais do líonraí na hEorpa atá gníomhach i réimse na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha.
Tá sé beartaithe go mbeidh éifeacht struchtúrtha ag tacaíocht líonraí na hEorpa ar ghníomhaithe sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha.
D’fhógair an Coimisiún Eorpach na torthaí is déanaí faoi Shraith na Tacaíochta do Líonraí na hEorpa.
Tairgeadh maoiniú thar 4 bliana (2017 – 2020) agus tacaíodh le 28 Líonra Eorpach. Tá 38 ball Éireannach páirteach i 17 gcinn de na líonraí roghnaithe. Is féidir leat an liosta iomlán a fháil anseo.
Conas is féidir leis na healaíona agus leis an gcultúr idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn?
Conas is féidir leis an gcultúr agus leis na healaíona idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn i linn seo na géarchéime imirceach agus teifeach?
Chuir an Coimisiún Eorpach ceist ar shaineolaithe as gach cearn den Eoraip faoi agus is féidir leat torthaí an phlé sin a léamh anois ina dtuarascáil nua anseo.
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir labhairt ag d’imeacht
Ní hamháin go n-eagraímid ár gcuid imeachtaí féin, ach is minic a thugtar cuireadh do Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir chun labhairt ag imeachtaí trasna na tíre. Léiríonn an Oifig Cultúir deiseanna maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh atá ar fáil faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach, agus tugann sí comhairle faoin gcaoi a dtógtar comhpháirtíochtaí agus a bhforbraítear tionscadail Eorpacha.
Má tá sé ar intinn ag d’eagraíocht comhdháil, seimineár, ceardlann nó cruinniú comhpháirtithe a reáchtáil a mbeadh rannpháirtíocht nó freastal na hOifige Cultúir tairbheach dó nó di, déan teagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie