Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Is díol mór sásaimh do Scoileanna Ildánacha/Creative Schools deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 6 Aibreán ar aghaidh agus is é an spriocdháta ná 17:30,Déardaoin 10 Bealtaine 2021.
Léigh a thuilleadh >>
|
Imeacht Eolais i-Portunus Houses
Déardaoin, 3 Meitheamh, 3pm - 4pm
Cláraigh don imeacht anseo, le do thoil.
Bí le Deasc na hEorpa Cruthaithí Éire -Oifig Cultúir dár n-imeacht eolais faoin ngairm nua ón gclár, an Eoraip Chruthaitheach - i-Portunus Houses. Rachaimid tríd an bpróiseas iarratais le haghaidh na gairme seo agus conas is féidir le heagraíochtaí Éireannacha agus ealaíontóirí aonair cur isteach ar an deis seo.
Léigh a thuilleadh >>
An Eoraip Chruthaitheach 2021 – 2027: Spotsolas ar Oidhreacht Chultúrtha
Dé Máirt, 8 Meitheamh 11am
Cláraigh anseo, le do thoil.
Tá an AE tiomanta d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a fheabhsú trí roinnt beartas agus clár. Tá caomhnú na hoidhreachta cultúrtha ar cheann de chuspóirí uileghabhálacha an chláir nua, an Eoraip Chruthaitheach 2021 – 2027. Bainfidh na hearnálacha oidhreachta cultúrtha ar fud na hEorpa tairbhe as cur chuige spriocdhírithe earnála laistigh den Chlár, le tosaíochtaí maoinithe le haghaidh earnálacha faoi leith ann gach bliain.
Léigh a thuilleadh >>
An Eoraip Chruthaitheach_Béim ar Ailtireacht
Déardaoin, 10 Meitheamh 2021
11am-12.30pm (GMT)
Cláraigh don imeacht seo anseo, le do thoil.
Bí linn le haghaidh ár nImeacht Ailtireachta a bheidh á óstáil ag Deasc na hEorpa Cruthaithí Éire - Oifig Cultúir.
Léigh a thuilleadh >>
|
|