Dámhachtainí Taistil agus Oiliúna d’Fhéilte in 2019.
 |
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go leanfaidh sí ar aghaidh ag tacú le féilte, tacaíocht a chabhróidh leo a gcumas cláreagraithe agus eagraíochtúil a fhorbairt trí bhíthin dámhachtainí aonair taistil agus oiliúna.
Leis an dámhachtain, tabharfar tacaíocht do thaisteal amach agus d’oiliúint d’ionadaithe féilte amhail cláreagraithe, coimeádaithe agus stiúrthóirí féilte chun forbairt a gclár féile a fheabhsú; agus dámhachtainí isteach a thugann deis d’eagraíochtaí féilte caidrimh a chothú thar lear d’fhonn a gcumas cláreagraithe, margaíochta agus/nó riaracháin/oibríochtúil a fhorbairt.
Is é an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €1,500, ag brath ar í a bheith ar fáil.
Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais trí na seirbhísí ar líne ón le haghaidh taisteal in 2019.
Tabhair faoi deara: Ní bhfaighidh féile (más ionadaí aonair ar fhéile nó eagraíocht atá i gceist) ach Dámhachtain Taistil agus Oiliúna amháin in aon bhliain féilire amháin.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo ar an leathanach faoin maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
 |
|