Is iontach an rud é go bhfuil imeachtaí i bpearsa ar ais arís! An mhí seo caite, d’fhreastail mé ar léiriú aoibhinn de Rothar de chuid Amharclann Branar mar chuid d’Fhéile Baboró i nGaillimh. Bhí fuaim gáire na leanaí iontach agus mothúchánach. Más gá cumhacht an léirithe bheo a chur i gcuimhne dúinn riamh, bhí gach gné den chumhacht sin le brath sa léiriú sin. Dúirt comhghleacaí liom gur phléasc sí amach ag caoineadh go spontáineach, rud a bhí aisteach di, le linn radharc le cúigear rinceoirí óga sa taibhiú iontach Night Dances de chuid United Fall. Agus í ag breathnú ar na taibheoirí óga iontacha, ní raibh sé de chumhacht aici ach smaoineamh ar na cruatain a d’fhulaing siad le 20 mí anuas.
Bhí an léiriú sin mar chuid de sraith léirithe sáriontacha a bhí le feiceáil le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath a bhí ar siúl le déanaí. Mar is amhlaidh an cás le roinnt féilte maithe eile a bhfuilimid sé de phribhléid againn tacú leo, taispeánann an clár dúinn conas a bhféadfá áiteanna a athrú go hiomlán trí chultúr. Bhí sé fíor spreagúil a bheith i gCalafort Bhaile Átha Cliath agus smaoineamh chun tosaigh faoin mbealach a bhféadfadh an ceantar seo den chathair a bheith in ann athrú a spreagadh tríd an gcultúr. Ar an gcuma chéanna, tá páirt ag an ealaíontóir ceannródaíoch Nigel Rolfe,agus é ag taibhiú i bhFearann Páirce Loch na Buaraí, ar ár gclár ‘Faoin Spéir’ / ‘In the Open’. Is sampla iontach é Loch na Buaraíden chaoi a bhfuil an ealaín in ann an tírdhreach a athrú agus nasc cumhachtach a chruthú idir daoine agus áit.
Ní haon ábhar magaidh í an tuairisc chuimsitheach ó Institiúid Téatair na hÉireann ar iompraíocht sna healaíona. Insíonn na torthaí dúinn go bhfuil athchóiriú suntasach de dhíth chun a áirithiú gur féidir le daoine taitneamh a bhaint as taithí oibre shábháilte agus shásúil. Rud atá nasctha go dlúth leis sin is ea an tóraíocht chun cúinsí a dhéanamh níos fearr do gach uile duine atá ag obair sna healaíona. Tá taighde ar phá agus ar choinníollacha críochnaithe ag Theatre Forum, Words Ireland agus roinnt eagraíochtaí eile agus tacaíonn an obair seo go mór lenár bpolasaí ‘Luach Saothair don Ealaíontóir’. Ní mór go mbeadh gach uile duine ar aon tuairim gur cheart go mbainfí dínit amach do gach duine i ngach cuid den ghairm. Cuireadh fáilte mhór roimh an bhfógra go bhfanfaidh an leibhéal cistithe don Chomhairle Ealaíon mar an gceanna agus beifear in ann an obair sin a dhéanamh ar bhealach níos tapa dá bharr. Tá tuiscint níos fearr againn anois ar luach na n-ealaíon inár saol anois agus cothaíonn sé seo muinín go bhfuilimid in ann athruithe claochlaitheacha a dhéanamh i dtírdhreach na healaíona sna blianta atá amach romhainn.
De réir mar a théann muid uile ar ais chuig teagmháil fhisiciúil a dhéanamh lena chéile, tá súil againn go bhfaigheann sibh go leor fuinnimh agus misnithe ón rannpháirtíocht athnuaite le do chomhghleacaithe agus do luachtanna féachana, léitheoireachta agus éisteachta.
Díreofar an seisiún eolais seo ar chleachtóirí agus léiritheoirí damhsa a bhfuil i gceist acu cur isteach ar dhámhachtain i gcaitheamh 2022. Cuimseofar eolas ginearálta maidir le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú damhsa ón gComhairle Ealaíon sa seisiún freisin.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an tuairisc ar athbhreithniú fianaise, taighde agus comhairliúcháin Bonn Eolais le haghaidh Todhchaí Oíche Chultúir le Janice McAdam, Annette Nugent agus Heather Maitland a fhoilsiú.
Clár arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon is ea In the Open | Faoin Spéir a forbraíodh mar fhreagra ar ghéarchéim COVID-19 le haghaidh na bliana 2021, mar chuid den chlár leanfar ag cur réimse imeachtaí ealaíon éagsúla amuigh faoin aer ar bun i spásanna poiblí ar fud na hÉireann.
Ag tús phaindéim Covid, chruthaigh agus roinn an fhoireann RAISE ‘An Deich Rud is Fearr gur Féidir le hEagraíochtaí Ealaíon a Dhéanamh dá bPáirtithe Leasmhara le linn Ghéarchéim Covid-19’ ó ábhar ar líne a chruthú go dtí cumarsáid a dhéanamh i slite nua trí ardáin dhigiteacha.
Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir mí Iúil agus mí na Nollag, 2022, fógartha ag an gComhairle Ealaíon.
Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2022 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2023 an 13ú Eanáir 2022.
Is teacht le cheile bliantúil é Cruinniú Mullaigh Féilte Ealaíon Chumann Fhéilte na hEorpa (EFA) le haghaidh déantóirí féilte a cheanglaíonn feilte ó fud fad na cruinne in aon chathair amháin.
Fógrófar deiseanna le haghaidh seirbhísí Comhordaitheora Réigiúnaigh agus Comhlaigh Chruthaitheacha le haghaidh Scoileanna Ildánacha go luath. Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar chuntais mheán sóisialta na Comhairle Ealaíon sna seachtainí amach romhainn.