Scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona. Cuirfidh na páirtithe buiséad €120,000 ar fáil don scannán faisnéise suntasach seo a chaithfidh tréimhse sa phictiúrlann sula gcraolfar é i bpríomh-am sceidil TG4.
Ní mór iarratais a dhéanamh chuig E Coimisiún TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, an 31 Eanáir 2020.
Treoirlínte ilDÁNA 2020:
Déanfaidh scannáin arna gcoimisiúnú do ilDÁNA cur síos beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist. Déanfar gach disciplín ealaíne a bhreithniú. Tabharfar tosaíocht d'ábhair chomhaimseartha ach d'fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú comhaimseartha ar shaothair/ábhair stairiúla. Cuirfear buiséad suas le €120,000 ar fáil d'aon scannán amháin. Seolfar é le taispeántas ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa phictiúrlann i gceist sula gcraolfar é le linn buaicam lucht féachana ar TG4 in 2020 / 2021.
TG4 a dhéanfaidh próiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA a riar. Eiseoidh TG4 conarthaí agus beidh feidhm le 'Téarmaí Trádála' TG4.
Ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus ionadaí neamhspleách a dhéanfaidh an roghnú faoi scéim ilDÁNA.
Iarratais
Ní mór iarratais a dhéanamh chuig E Coimisiún TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, an 31 Eanáir 2020. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná a bheidh déanach.
- Fad an scannáin: Scannán fada
- Buiséad Léiriúcháin: Suas le €120,000 an scannán
- Formáid HD agus fotheidil Bhéarla air
- Teanga: Gaeilge nó dátheangach
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA
- Léiriú mionsonraithe ar an togra
- Cur síos ar an gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe
- Straitéis lucht féachana ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile scannán/pictiúrlann) más infheidhme
- Buiséad léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid
(cead ceoil agus ábhair, ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh)
- CVanna na foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra. An stiúrthóir, léiritheoir, scríbhneoir
Eagarthóir ina measc
- Fianaise ar úinéireacht, cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí san áireamh maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
- Deimhniú i scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach
- Trí shliocht/shampla d'obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn eolais a chur faoin togra
- Aon ábhar tacaíochta ábhartha chun bonn eolais a chur faoi chur chuige cruthaitheach an togra.
Is mian le TG4 agus An Chomhairle Ealaíon
- fostaíocht lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh;
- comhionannas inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an pearsanra léiriúcháin;
- éilíonn coinníollacha agus luach saothair cóir d'ealaíontóirí a mbeidh baint acu le déanamh scannáin ilDÁNA.
Roghnú
Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar:
- fhís chruthaitheach an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair bheartaithe
- indéantacht an togra i gcomhthéacs chuspóir ilDÁNA
- a bhfuil déanta go dtí seo ag an iarratasóir
- a mhéid a chuireann an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an pearsanra léiriúcháin.
Tabharfar cuireadh d'iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach a dtogra a phlé an tseachtain faoi dheireadh mhí Fheabhra 2020. TG4 a dhéanfaidh an dámhachtain don tsraith agus beidh feidhm le gnáth-théarmaí coimisiúnaithe sa chomhaontú léiriúcháin. Táthar ag súil go mbeidh na tionscadail tugtha chun críche agus ar fáil lena gcraoladh ar TG4 in 2020/2021.
Tuilleadh eolais
Ní mór d'iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
Beidh gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil.
Ní mór d'iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní ann do chomhaontú - ná d'aon chineál eile conartha - nó go mbeidh conradh foirmeálta scríofa ag TG4 nó thar a cheann.