Dínit agus Ómós ag an Obair
I rith mhí Aibreáin, bhí an Chomhairle Ealaíon i mbun sraith seisiúin faisnéise ar an topaic Dínit agus Ómós ag an Obair. D’fhostaigh an Chomhairle seirbhísí Graphite HRM chun na seisiúin sin a éascú agus chun ábhair acmhainní a fhorbairt chun tacú le daoine aonair agus le heagraíochtaí ealaíne beartas agus nósanna imeachta maidir le Dínit agus Ómós ag an Obair a fhorbairt agus a athbhreithniú. Tá na cáipéisí sin, ar fáil anois ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Tá sé tábhachtach a rá gur mar threoir amháin atá na cáipéisí seo ann. Ba cheart do gach duine aonair/eagraíocht ealaíne a bheartas agus nós imeachta féin a fhorbairt/athbhreithniú i réimse na dínite agus an ómóis ag an obair, agus cuimhneamh go háirithe ar a gcuid riachtanas/struchtúr eagraíochta féin agus, más gá, i gcomhairle le comhairleoir dlí.
|