Cuirfear léacht an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, ‘The Lives of the Saints’, i láthair in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
 |
Cuirfidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach a léacht ó 2018, ‘The Lives of Saints’, i láthair arís ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste i mBealtaine.
Le linn daichead bliain ag scríobh agus ag maireachtáil, buaileann scríbhneoir le scríbhneoirí eile ar ndóigh, uaireanta de thimpiste. Cuntas atá sa léacht seo ar na daoine aonair ar bhuail mé leo ar an gcaoi sin, cuid mhaith acu atá imithe uainn ar shlí na Fírinne anois, ach daoine a bhfuil cuimhne mhaith agam orthu agus atá mar phointe tagartha pearsanta domsa maidir leis an gcaoi ar féidir leanúint ar aghaidh mar scríbhneoir agus go deimhin, maidir leis an gcaoi ar chóir scríbhneoireacht a dhéanamh.
Cuireadh ‘The Lives of Saints’ i láthair den chéad uair in Amharclann an Gheata i Meán Fómhair 2018.
Is é Sebastian Barry an dara Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus bhronn an Chomhairle Ealaíon an onóir air go luath sa bhliain 2018. Cuireann an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach litríocht Éireannach chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagann sí an pobal suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán. Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU).
 |
|