Is é an aidhm atá leis an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar réimse d’fhoirmeacha agus cleachtais ealaíon.
Is é an spriocdháta i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú ó Eanáir go Meitheamh 2021 ná Déardaoin, 30 Aibreán 2020.
Beidh foirmeacha iarratais ar fáil trí na seirbhísí ar líne ón 17 Márta 2020.
Tá an scéim seo oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo dul ar camchuairt idir Eanáir agus Meitheamh 2020, agus atá ina gcónaí nó bunaithe i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann.
Ní fhéadfaidh iarratasóirí a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach/Ionaid Ealaíon/Comhpháirtíochta cur isteach ar an Scéim Camchuairte.
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.
Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.