Scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
Mar chuid den séasúr seo, ba mhaith linn suas le dhá fhadscannán shuntasacha faisnéise, le buiséad suas le €120,000 an ceann a mhaoiniú. Tabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus ilchineálacht sna healaíona le rannpháirtíocht nua agus glórtha nach gcloistear go minic.
Fáilteofar roimh iarratais ina bhfiosraítear réimse ar bith ealaíne nó cleachtas ealaíne.
Ní mór iarratais a dhéanamh ar chóras eCoimisiúnaithe ar líne TG4 tráth nach déanaí ná 17:00 Dé hAoine, an 25 Meitheamh 2021.
Tuile eolais: maire.ui.choisdealbha@tg4.ie , Proinsias.ni.ghrainne@tg4.ie
Tabhair faoi deara go reáchtálfar seisiún eolais ar líne maidir le ilDÁNA ar 2pm Dé Máirt an 8 Meitheamh. Le clárú, cuir ríomhphost chuig claruildana@tg4.ie.
*Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le hailtireacht, sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, ealaíona agus seónna sráide, amharclannaíocht, na healaíona traidisiúnta agus na hamharc-ealaíona.