Is díol mór sásaimh do Scoileanna Ildánacha/Creative Schools deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 6 Aibreán ar aghaidh agus is é an spriocdháta ná 17:30,Déardaoin 10 Bealtaine 2021.
Ní mór iarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta. Is féidir breathnú ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha anseo.
Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/le hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Faoin tionscnamh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálaíoch a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Cuirfidh sé ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí oibre nua lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.
Cuirfear réimse tacaíochtaí ar fáil do scoileanna/ionaid rannpháirteacha lena dtabharfar deis dóibh oibriú le Comhlach Cruthaitheach, dul faoi oiliúint agus aithne a chur ar dhaoine chun tacú leo lena bPlean Scoile Ildánaí a chur le chéile, mar aon le síolmhaoiniú le go mbeidh siad in ann an Plean a chur chun feidhme.
Freagróidh na Comhlaigh Chruthaitheacha ar thosaíochtaí agus ar riachtanais forbartha na scoile/an ionaid d’fhonn cabhrú leo le deiseanna ealaíon agus cruthaitheacha a dhaingniú do leanaí agus do dhaoine óga. Tarraingeoidh siad as a dtaithí phraiticiúil féin d’fhonn comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus d’fhonn modhanna a bhunú trína mbeidh scoileanna/ionaid, earnáil na n-ealaíon agus an earnáil chultúrtha in ann caidrimh inbhuanaithe a chothú.
Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.