Age & Opportunity – Féile na Bealtaine, 2018
Agus Féile na Bealtaine, 2018 á hullmhú, tá Age & Opportunity tar éis imeachtaí a eagrú in ionaid ar fud na tíre. Tionólfar na cruinnithe seo ar fud na tíre – Loch Garman, Luimneach, Sligeach, Cathair Bhaile Átha Cliath, Contae Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Fine Gall. Is é cuspóir na n-imeachtaí seo bualadh le comhpháirtithe eile, foghlaim faoina gcuid smaointe do 2018, aithne a chur ar dhaoine, oibriú le chéile agus foghlaim faoi dhúshláin agus faoi riachtanais an lucht freastail agus na n-eagraithe. Is deis é freisin chun eolas a fháil faoi thionscadail áitiúla na Bealtaine agus chun faisnéis a thabhairt faoi théama na Bealtaine agus faoi na pleananna atá beartaithe do 2018.
Tá Féile na Bealtaine de chuid Age & Opportunity á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le Age & Opportunity.
|