An t-údar Gaeilge Áine Ní Ghlinn fógartha mar an séú Laureate na nÓg
 |
Is í Áine an chéad údar a scríobhann go heisiach i nGaeilge a bhfuil an onóir á bronnadh uirthi, agus beidh an teideal aici as seo go dtí 2022.
Is onóir é Laureate na nÓg a bunaíodh in 2010 le cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin agus chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le litríocht do leanaí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch. Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon atá ann, á riar ag Leabhair Pháistí Éireann, agus ag a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Éigse Éireann.
Is scríbhneoir do leanaí agus file í Áine Ní Ghlinn. Tá os cionn deich gcinn fichead de leabhair scríofa aici, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. Beidh sí ag iarraidh, fad is a bheidh sí ina Laureate, an fhallaing folaigh sin a thógáil ó údair a scríobhann i nGaeilge agus ó leabhair Ghaeilge, agus leanaí agus daoine óga a spreagadh le bheith ag léamh as Gaeilge i gcomhair pléisiúir.
 |
|