Tá iarratais á lorg ag WHAT (Waterford Healing Art Trust) ó dhaoine atá cáilithe go cuí le bheith ar phainéal ceoltóirí a chasfaidh ceol le haghaidh na n-othar in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge agus in éineacht leo mar chuid de chlár míosúil dár gcuid, Healing Sounds. Cuirfear tús leis an bpainéal in Eanáir 2017 agus mairfidh sé ar feadh bliana.
Cuirfidh Liam Merriman meantóireacht ar fáil d’iarratasóirí a n-éireoidh leo chun ceol beo a thabhairt chuig othair atá ar an leaba. Ceoltóir atá ann a bhain cáilíocht amach le Musique et Santé i bPáras maidir le hoiliúint a chur ar cheoltóirí ospidéil, agus tá taithí fhairsing aige ar bheith ag obair laistigh den chomhthéacs ceoil agus sláinte.
Healing Sounds sna bardaí
Tá WHAT bunaithe in Ionad na nEalaíon agus na Sláinte de chuid WHAT in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge, agus tá sé ar cheann de na cláir ealaíon in mó sna hospidéil in Éirinn. In 2000, bhunaigh sé an clár Healing Sounds agus é mar aidhm leis an strus agus an imní a laghdú ar othair, ar fhoireann agus ar chuairteoirí an ospidéil trí mheán an cheoil bheo. Cuirtear raon ceoltóirí agus stíleanna ceoil chun cinn leis an gclár agus, nuair is cuí, spreagtar othair agus baill foirne le bheith rannpháirteach leis na ceoltóirí atá ag seinm. Chuir WHAT tús le meantóireacht do cheoltóirí in 2014, agus tá meantóireacht déanta ó shin ar cheathrar ceoltóirí le ceol a sheinm d’othair agus in éineacht leo. Bhí an méid seo a leanas le rá ag roinnt de na ceoltóirí a ghlac páirt sa chlár:
“Ba léir dom sa seisiún áirithe seo gur ghné an-fháilteach den lá a bhí sa cheol, do na hothair agus do na baill foirne araon. Chaith fear amháin an seisiún ar fad ag canadh inár dteannta, agus ba tar éis an tseisiúin a fuair muid amach go raibh go lear deacrachtaí aige leis an gcaint. Chuaigh an ceol agus na hamhráin go mór i bhfeidhm air ar bhealach an-dearfach.”
“Bealach álainn le roinnt uaireanta an chloig a chaitheamh, mar is gnáth. Foghlaimím rud nua gach aon uair. Tá roinnt de na cuairteoirí tar éis buíochas a ghlacadh linn as an spiorad maith atá cruthaithe ar fud an ospidéil ag an gceol, agus ba bhuaicphointe é sin domsa cinnte.”
Ní clár teiripe ceoil atá in Healing Sounds. Ní clár rannpháirteach ceoil é ach an oiread. Is clár taibhithe atá ann ina n-iarrtar ar cheoltóirí dul in oiriúint do thimpeallacht an ospidéil agus freagairt do riachtanais na n-othar. Tá an clár seo á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon.
Critéir roghnúcháin
Beidh na nithe seo a leanas ag iarrthóirí rathúla:
- Inniúlacht sa cheol agus taithí ar sheinm go poiblí lena n-áirítear cumas / toilteanas an glór a úsáid
- Sár-scileanna idirphearsanta lena n-áirítear cuir chuige i leith na seanma atá othar-lárnach
- Tiomantas dá gcleachtas féin a fhorbairt laistigh de chomhthéacs an cheoil agus na sláinte
- Tuiscint ar éiteas chlár Healing Sounds
Róil agus freagrachtaí
Déanfaidh na ceoltóirí roghnaithe na nithe seo a leanas:
- Páirt ghníomhach a ghlacadh i gclár Healing Sounds agus sa phróiseas meantóireachta
- Stór cuí ceoil a fhorbairt lena sheinm i gcomhthéacs ospidéal géarmhíochaine
- Machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim trí dhialann
- Dul faoi phróiseas imréitigh an Gharda Síochána
Déanfaidh WHAT na nithe seo a leanas:
- Dul i gcomhairle le foireann an ospidéil maidir le seisiúin Healing Sounds a sceidealú
- Tacaíocht meantóireachta a sholáthar i rith an chláir ar fad
- Na ceoltóirí a chur ar an eolas maidir le ceol agus leis an tsláinte, rialú ionfhabhtuithe, slándáil, cúrsaí sláinte agus sábháilteachta, saincheisteanna eiticiúla agus saincheisteanna maidir le cosaint leanaí
- Táille oinigh €75 in aghaidh an tseisiúin a íoc leis an gceoltóir. Bíonn an seisiún ar siúl ar an Luan go hiondúil idir 3.00pm agus 4.00pm, agus roinntear eolas ar an seisiúin le Liam Merriman ina dhiaidh
Conas iarratas a dhéanamh
Iarrtar ar cheoltóirí a bhfuil spéis acu ann na nithe seo a leanas a chur isteach le hiarratas i scríbhinn amháin:
- Curriculum Vitae / beathaisnéis reatha
- Léiriú spéise (200 focal ar a mhéad) ina luann na ceoltóirí a spreagann iad agus cén fáth a mbeidís oiriúnach le ceol a sheinm in ospidéal géarmhíochaine
- Ainmneacha agus sonraí teagmhála iomlána do bheirt mholtóirí
Ba cheart iarratais a chur isteach chuig an gComhordaitheoir Ceoil, WHAT, Ospidéal Ollscoile Phort Láirge, Bóthar Dhún Mór, Port Láirge nó iad a sheoladh isteach ar ríomhphost chuig WHAT@hse.ie roimh Dé hAoine, an 21 Deireadh Fómhair. Luaigh ‘Iarratas Healing Sounds’ in ábhar an ríomhphoist.
Iarrfar ar iarratasóirí a bheidh ar an ngearrliosta freastal ar cheardlann in Ionad na nEalaíon agus na Sláinte de chuid WHAT. Beidh an cheardlann ar siúl ag 2.00pm Dé Luain, an 7 Samhain 2016 agus is ann a roghnófar na ceoltóirí. Iarrfar ar iarratasóirí ceol a sheinm os comhair na n-iarratasóirí eile ag an gceardlann seo.
Féach ar www.waterfordhealingarts.com chun tuilleadh eolais a fháil faoi WHAT.
Glaoigh ar 051 842664 nó seol ríomhphost chuig WHAT@hse.ie má bhíonn ceisteanna ar leith agat.