Soláthar Comhairleoirí Ealaíon
 |
Tá seirbhísí roinnt Comhairleoirí Ealaíon á bhfáil ag an gComhairle Ealaíon chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh cáilíochta agus seachadadh seirbhíse de. Is iad seo a leanas na réimsí ealaíne lena mbaineann sé sin: Litríocht (Gaeilge), Rannpháirtíocht sna hEalaíona agus na hAmharc-ealaíona (Eagraíochtaí). Déanfar gach conradh a thairgeadh as féin.
Is cleachtóirí a bhfuil taithí acu sna réimsí ábhartha a bheidh sna tairgeoirí a n-éireoidh leo, agus beidh an saineolas agus an taithí riachtanach acu le hoibriú le foireann na Comhairle Ealaíon trí chuidiú le meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú, trí chomhairle chriticiúil a sholáthar ar shaothair ealaíne agus trí chomhairle a thabhairt i ndáil le beartas i leith foirmeacha ealaíne, de réir mar is gá.
Déantar iarratas ar gach ceann de na conarthaí sin trí phróiseas tairisceana poiblí agus sin amháin, próiseas a chuirfear ar fáil trí shuíomh gréasáin soláthair ríomhthairiscintí an Rialtais www.etenders.gov.ie.
Ba cheart go gcuirfí gach tairiscint maidir leis na tograí isteach faoi 12 meán lae Dé Máirt, 26 Meitheamh 2018 Ba cheart aon cheist nó soiléiriú i dtaobh ceann ar bith de na conarthaí sin a sheoladh chuig an tsaoráid Ceisteanna agus Freagraí www.etenders.gov.ie ag meán lae nó roimhe, 12 meán lae, Dé Luain, 18 Meitheamh 2018 agus níor cheart iad a chur chuig an gComhairle Ealaíon.
 |
|