D’éirigh le Jennifer Walshe, Ian Wilson, agus Ailís Ní Riain mórghradaim a bhuachan le gairid.
Tá Ailís Ní Riain as Corcaigh ar dhuine de na daoine is deireanaí a bhuaigh Gradaim d’Ealaíontóirí de chuid Fhondúireacht Paul Hamlyn 2016. Rinneadh an fógra ag fáiltiú a bhí á óstáil ag an bhfondúireacht i Londain i mí na Samhna seo caite. Tá na Gradaim d’Ealaíontóirí de chuid na Fondúireachta á reáchtáil ó 1994 i leith agus is iad na gradaim aonair is mó iad a bhronntar ar fhísealaíontóirí agus ar chumadóirí sa Ríocht Aontaithe. Dearadh na gradaim chun an t-am agus an tsaoirse a thabhairt d’ealaíontóirí a gcuid smaointe cruthaitheacha a fhorbairt, agus is mór-aitheantas idirnáisiúnta é seo d’Ailís mar ghuth ealaíonta ar leith a bhfuil corpas iontach agus fadréimseach saothair aici. Bhí Ailís ar dhuine de thriúr cumadóirí a fuair an mórghradam seo in 2016 a raibh luach £50,000 ag gabháil le gach ceann acu.
I Londain i mí na Nollag bronnadh gradam nuálaíochta ar Jennifer Walshe ag Gradaim Chumadóirí na Breataine 2016, ina ndéantar ceiliúradh ar an méid a dhéanann cumadóirí don nuacheol sa Ríocht Aontaithe. Tá cónaí ar Jennifer sa Ríocht Aontaithe, agus is taibheoir den scoth í agus duine de na cumadóirí Éireannacha is tarraingtí, is fadréimsí agus is nuaí dá bhfuil againn. Bhuaigh sí an gradam nuálaíochta ‘mar aitheantas ar a tiomantas saoil don status quo a cheistiú agus iarracht a dhéanamh dúshlán a thabhairt dó trí cheol agus taibhiú’. Bronnadh an gradam, a dhéanann ceiliúradh ar shlí bheatha agus ar chúnamh cumadóra do cheol comhaimseartha, ag Gradaim Chumadóirí na Breataine.
Níos gaire do bhaile, díreach roimh an Nollaig, fógraíodh gur bhuaigh Ian Wilson, as Béal Feirste ó dhúchas ach atá ina chónaí i gCorcaigh anois, Mórghradam Aonair ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Bronntar na gradaim seo, ar fiú £15,000 iad, mar aitheantas ar an gcúnamh a thugann ealaíontóir don saol cruthaitheach i dTuaisceart Éireann. Tá Ian Wilson i measc liosta cumadóirí a bhain leas as an ngradam, ina measc Elaine Agnew agus Deirdre McKay, agus daoine eile nach iad. Tá sé i gceist ag Ian a ghradam a úsáid chun trí shaothar nua a léiriú.
Tréaslaímid leis an triúr! Aitheantas atá saothraithe go maith ag an triúr agus siombail d’fholláine, beogacht agus tionchar chumadóireacht na hÉireann sa bhaile agus thar lear.