Camchuartaíocht 2018/2019
 |
Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2018 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2019 an 11 Eanáir 2018. Beidh eagraíochtaí in ann pleananna camchuartaíochta le haghaidh na bliana 2018 (agus 2019 / 2020 i gcás pleananna ilbhliantúla) a leagan isteach mar chuid den phróiseas nua iarratais don mhaoiniú straitéiseach. Mura dtacaítear leis na hiarratais sin nó mura dtacaítear leis an ngné chamchuartaíochta d’iarratas, ní bheidh iarratasóirí i dteideal athiarratas a dhéanamh ar an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair. Beidh iarratasóirí in ann pleananna camchuartaíochta le haghaidh na bliana 2018 a leagan isteach freisin faoin Scéim Maoinithe Ionad. Ach mura dtacaítear leis an ngné camchuartaíochta den iarratas trí na scéimeanna seo, beidh iarratasóirí i dteideal athiarratas a dhéanamh ar an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i mí Eanáir 2018. Is í an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair an scéim chuí do líonraí ionad atá ag pleanáil camchuairteanna. Mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann le buiséid i dTuaisceart Éireann, ní móide go dtacófar le camchuairteanna i dTuaisceart Éireann in 2018. Mar sin féin, féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar thuras i bPoblacht na hÉireann mar a rinne siad riamh.
 |
|