Tá iarratais anois á lorg ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin don phost mar Oifigeach Forbartha Music Generation.
Uimhir thagartha: R18-02
Ceapfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Camáin Oifigeach Forbartha Music Generation a bheidh freagrach as clár oideachais fairsing um thaibhiú ceoil a bhainistiú thar ceann na Comhpháirtíochta Oideachais Ceoil i Ros Comáin.
Roghnaíodh Contae Ros Camáin le bheith páirteach in Music Generation – Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann, atá á chómhaoiniú ag U2, ag The Ireland Funds, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla.
Conradh téarma sheasta trí bliana a bheidh i gceist.
Tá foirm iarratais, tuairisc ar an bpost agus sonraíocht faoin bpearsa ar fáil ar líne ar: galwayroscommon.etb.ie
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe: Meán lae, Dé Luain, 17 Nollaig 2018
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Bunaithe ar an líon iarratas a fhaightear, d’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh. Déanfar gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí na n-iarrthóirí, d’fhéadfadh tairseacha an ghearrliostaithe a bheith i bhfad níos airde ná na caighdeáin bhunúsacha arna leagan amach.
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Camáin.