Sheol Clár Éire Ildánach agus Coimisiún Fulbright in Éirinn Comhaltachtaí Fulbright Músaeim Éire Ildánach in 2018.
Is iad na músaeim rannpháirteacha an Smithsonian Institute (lena mbaineann 17 iarsmalann agus áiléar), Ionad Harry Ransom in Austin, Texas agus an Exploratorium i San Francisco. Is amhlaidh ó shin i leith atá roinnt iarrthóirí atá i mbun staidéir dá PhD tar éis tabhairt faoi shocrúcháin luachmhara sna hiarsmalanna iomráiteacha Meiriceánacha sin.
D’aontaigh Coimisiún Fulbright agus Clár Éire Ildánach in 2019 Comhaltacht Ghairmiúil Fulbright agus Éire Ildánach a fhoilsiú d’fhonn rannpháirtíocht le go leor gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha le taithí nach mbeadh i mbun saothair acadúil a chumasú. Tá sé sin ann le cinntiú go mbainfidh níos mó daoine ón earnáil chultúrtha agus chruthaitheach tairbhe as Clár Fulbright.
Is solúbtha í an deis uathúil seo le hais na gcomhaltachtaí bunaithe sna músaeim féin. Ní gá d’iarratasóirí rathúla a bheith bainteach leis an oideachas dochtúireachta, ná níl sí teoranta d’óst-institiúidí forordaithe thall i SAM. Ní mór d’iarratasóirí na socrúcháin is fearr a aithint sa mhéid go mbraitheann siad go sásaítear a gcuid éileamh mar ghairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha le taithí agus na huaillmhianta dá gcuid cleachtais faoi seach leo.
Sa bhabhta iarratas i mbliana, beidh trí Chomhaltacht Músaeim Fulbright Éire Ildánach ann chomh maith le dhá shocrúchán do Chomhaltacht Ghairmiúil Fulbright agus Éire Ildánach. Le cinntiú go mbíonn gach faisnéis agat a bheidh de dhíth ort sula n-osclófar na hiarratas i mí Lúnasa, tugtar cuireadh chuig seimineár gréasáin duit ar 1 i.n. 6 Aibreán 2021.
I measc an tinrimh ar an seimineár gréasáin beidh ionadaithe ó Choimisiún Fulbright Éireann agus ó Chlár Éire Ildánach, a thabharfaidh achoimre ar an gcaoi le bheith rathúil sa chéim iarratais. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ann tar éis na láithreoireachta. Taispeántar naisc chun dul isteach sa seimineár gréasáin sin thíos.
I láthair freisin beidh Helen O’Donoghue (Ceann Rannpháirtíochta agus Foghlama Áras Nua-Ealaíne na hÉireann). Chaith Helen trí mhí in 2018 ag MoMA (Áras Nua-Ealaíne) i Nua-Eabhrac mar Scoláire Fulbright. Déanfaidh Helen plé ar a taithí ag MoMA agus faoin gcaoi a mbraitheann sí go ndeachaigh an taithí sin i bhfeidhm ar a cuid oibre ag IMMA.
Osclófar na hiarratais do na Comhaltachtaí Fulbright agus Chlár Éire Ildánach i mí Lúnasa, agus dúnfar iad an 31 Deireadh Fómhair 2021.
Cláraigh: https://forms.gle/zLWvRqBVBPocC4kF6
Téigh isteach ann: https://zoom.us/j/94891609319