Filleann Beyond Participation, comhdháil dhébhliantúil Fhoras Ailtireachta na hÉireann ar ailtireacht, dearadh agus rannpháirtíocht an phobail, ar Bhaile Átha Cliath ón 9-10 Márta in Project Arts Centre.
Is comhdháil idirnáisiúnta é Beyond Participation á chur i láthair ag Foras Ailtireachta na hÉireann agus á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon. Ag tógáil ar rath na hócáide in 2016, is plé riachtanach é Beyond Participation #2 ar an ailtireacht agus an pobal. Tugtar nuálaithe, gríosóirí agus gníomhaithe le chéile ag an gcomhdháil, de réir mar a thugtar dúshlán dúinn smaoineamh ar dhaonlathas, iarmhairt, freagracht agus an bhrí atá leis na rudaí a dhearaimid.
Á óstáil ag Project, lárionad na hÉireann chun ealaín chomhaimseartha a chur i láthair agus chun cleachtóirí óga neamhspleácha a chothú, táthar ag súil go meallfaidh Beyond Participation lucht féachana ailtirí, dearthóirí, cleachtóirí ealaíon, oibrithe pobail agus aon duine ar spéis leo an ról is féidir leo a bheith acu agus ba chóir a bheith acu i ndearadh a gcathrach. Déanfaidh Tara Kennedy coimeádaíocht ar an gclár, arb ailtire agus taighdeoir i mbun cleachtais í, agus í ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus mar Chomh-Choimisinéir/Coimeádaí ar Free Market, Ardán na hÉireann ag Féile Leathbhliantúil Ailtireachta na Veinéise 2018.
Beidh an chomhdháil ar siúl Dé hAoine, 9 Márta, ón 10 am. I measc na gcainteoirí beidh:
— Alex de Rijke, stiúrthóir bunaithe an chleachtais aitheanta ailtireachta dRMM, a bhuaigh Duais Stirling le gairid lena shaothar ar athghiniúint Cé Hastings
— Killian Doherty ó Architectural [Field] Office, ailtire Éireannach atá ag obair i Siarra Leon, an Libéir, agus Ruanda agus ag féachaint ar na difríochtaí idir patrúin forbartha nua-aimseartha agus patrúin lonnaíochta dúchasaí
— Ana Jara agus Lucinda Correia as Artéria, cleachtas i Liospóin a oibríonn ar ghnéithe sóisialta, cultúrtha agus ealaíonta na hailtireachta trí rannpháirtíocht dhíreach pobal
— Stefan Laxness as Forensic Architecture, ailtire a oibríonn ar raon leathan tionscadal, lena n-áirítear modhanna anailíse aerbhuillí agus samhaltaithe a fhorbairt sa Mheán-Oirthear agus láithreacha príosúin a shamhaltú ó fhianaise finnéithe
— Hana Loftus ó Hat Projects, cleachtas a oibríonn ar thionscadail fhadréimseacha lena n-áirítear tionscadal athghiniúna eastát comhdheartha i dtuaisceart Londain, agus carthanas sláinte atá ag iarraidh a sheirbhísí tacaíochta speisialta a leathnú
— Beidh an chomhdháil faoi chathaoirleacht Diarmaid Lawlor, Stiúrthóir Áite ag Architecture and Design Scotland. Is fear cathrach é a bhfuil cúlra ildisciplíneach aige, d’oibrigh sé ar thionscadail inar cuireadh cruth ar athruithe, agus an t-athrú sin a chur i bhfeidhm, do chliaint in Éirinn, an RA agus an Eoraip, do na hearnálacha poiblí, príobháideacha agus tríú hearnálacha
Beidh léirithe scannán ag gabháil leis an gcomhdháil (Dé hAoine, 9 Márta) agus dhá cheardlann (Dé Sathairn, 10 Márta). Is féidir labhairt faoi cheardlann amháin:
Bí i dteannta Louise Dredge, Ceann na Rannpháirtíochta Cruthaithí ag Glass-House Community Led Design i Londain, le haghaidh ‘Community participation in design: making it meaningful’. Déanfar iniúchadh sa cheardlann phraiticiúil seo ar an tsraith chasta gaolmhaireachtaí a bhaineann le spásanna agus áiteanna a dhearadh agus an chaoi a dtugann eolas áitiúil treoir agus inspioráid do dhearadh maith. Díreoidh sé ar an bpróiseas rannpháirtíochta ó dhearcadh an duine, agus breithneofar conas deiseanna a chruthú chun cumhacht a thabhairt do dhaoine trí rannpháirtíocht agus comhoibriú i ndearadh na timpeallacht tógtha.
An chomhdháil Beyond Participation
9 Márta, 9.30 am-5 pm
Project Arts Centre
Ticéid mochóirí €35 (gnáthphraghas €50), lón san áireamh agus beoir chun bailchríoch a chur leis an lá
Ceardlann Beyond Participation le Louise Dredge
10 Márta, 11 am-1 pm
Saotharlann Fringe
Ticéid €10
Tá ticéid ar fáil ANOIS ag projectartscentre.ie
Tá na cainteoirí deiridh, an dara ceardlann agus na léirithe scannán le deimhniú, coinnigh súil ar architecturefoundation.ie chun tuilleadh sonraí a fháil...
Maidir le Foras Ailtireachta na hÉireann
Cuireann Foras Ailtireachta na hÉireann mórthionscadail ar fáil a bhfuil sé mar aidhm acu lucht féachana a fhorbairt don ailtireacht in Éirinn, agus próifíl ailtireacht na hÉireann thar lear a ardú freisin. Tá sé i gceist lenár dtaispeántais, cainteanna, léirithe scannán, siompóisiamaí, comórtais, foilseacháin agus tionscadail scoile agus pobail go spreagfaidís plé agus go ngabhfaidís i gcion ar phobail éagsúla. Bunaíodh an foras in 2005, agus is iad ár gcuspóirí a bheith ar an eolas faoi smaointeoireacht chriticiúil agus machnamh a dhéanamh faoi i gcleachtas ailtireachta agus thairis sin agus chun tionscnaimh a spreagadh a bhrúnn na teorainneacha ar shainmhínithe na hailtireachta agus a tionchar ar an tsochaí, ar an gcultúr agus ar an bpobal.
www.architecturefoundation.ie