Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár nuachtlitir
 |
Táim ríméadach agus mórtasach go bhfuil ár straitéis nua Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh foilsithe anois, straitéis ina leagtar amach forbairt na n-ealaíon sna deich mbliana idir 2016-2025. Ar ndóigh, níl ann ach tús na hoibre. Is straitéis uaillmhianach an straitéis atá againn. Leagtar amach fís inti le haghaidh cúrsaí ealaíon in Éirinn, ag tabhairt tús áite don ealaíontóir agus do rannpháirtíocht phoiblí, ag cur béim as an nua ar phleanáil dhéimeagrafach agus spásúil chomh maith le cuntas a thabhairt ar straitéis nua infheistíochta chun tacú lenár gcinnteoireacht sna blianta amach romhainn. Tá cuntas inti freisin ar chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh na scileanna, an t-eolas agus an cumas ag an gComhairle Ealaíon agus ag an earnáil i gcoitinne chun an straitéis a chur i gcrích. Is é an chéad chéim eile i bpróiseas na straitéise ná an chéad phlean mionsonraithe le haghaidh 2017-2019 atá ag gabháil léi a fhorbairt. Ionas go gcuirfimid an plean sin ar fáil caithfimid ar dtús báire éisteacht lenár gcomhpháirtithe agus lenár bpáirtithe leasmhara agus do thuairimí a chloisteáil maidir leis an straitéis. Beimid i mbun sraith ceardlann, agus táimid chun fóram ar líne a oscailt, chun freagraí maidir leis an straitéis a bhailiú. Tá sé i gceist againn Fóraim Straitéise a chur ar bun i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i Luimneach, i Sligeach agus i Loch Garman thar thréimhse ceithre seachtaine ón 29 Deireadh Fómhair. Beidh an fóram ar líne ar oscailt i rith an ama sin. Beidh tuilleadh sonraí agam maidir leis an gclár plé seo agus maidir le rannpháirtíocht ar mo bhlag ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon, agus i Nuachtlitir na míosa seo chugainn. Idir an dá linn, má tá suim agat freastal ar an bhFóram Straitéise cuir ríomhphost le do thoil chuig strategy@artscouncil.ie Le dea-mhéin,
 Orlaith McBride
 |
|