Is é aidhm na scéime, a bunaíodh i mí na Bealtaine 2016, bealaí nua a aimsiú chun rochtain ar na healaíona a threisiú do mhuintir na hÉireann fud fad na tíre agus aird a tharraingt ar ról na n-ealaíon ó thaobh pobail inbhuanaithe, chomhtháite a fhorbairt. Cuireann na tionscadail béim ar chaighdeán na tuisceana agus na huaillmhéine mar chuid d’ealaíona na n-údarás áitiúil, a bhfuil cur chuige uathúil aimsithe acu i leith na ngnéithe éagsúla de na healaíona a bhfuil suim acu iontu.
EXIT 15 / ÉALÚ 15
Dún Laoghaire/Ráth an Dúin i gcomhpháirt le hOllscoil na Banríona, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhairle Buirge Aontroma Thoir, Voluntary Arts Ireland (Ealaíona Deonacha Éireann) agus Create
Clár áite cruthaitheach atá i gceist le Exit 15 atá ina fhreagra do mhianta ealaíonta mhuintir Bhaile Uí Ógáin i gceantar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin. Tá sé ceangailte le tionscnamh taighde gníomhaíochta atá á threorú ag Ollscoil na Banríona i gcomhpháirt le dhá údarás áitiúla agus comhpháirtithe ealaíon eile.
CEIST PHRÁINNEACH
Comhairle Chontae Loch Garman i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall
Taighde comhoibríoch agus idir-rannach i gcomhpháirt le hoifigigh bhithéagsúlachta chun taighde a dhéanamh ar mhúnla nua chun ealaín phoiblí a choimisiúnú amach anseo a dhíreoidh ar cheist thábhachtach na healaíne agus na bithéagsúlachta, a bhaineann lena n-imeallbhoird thoir, a bheidh ina fhóram i ngach contae imeallbhoird. Tabharfar cuireadh do shaineolaithe áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta san ealaín agus sa bhithéagsúlacht chun cur leis an gceistiú.
AN DAMHSA AGUS AN tSLÁINTE
Comhairle Contae Chill Dara i gcomhpháirt le Comhairlí Contae Thiobraid Árann agus Chiarraí agus Damhsa Éireann
Tionscnamh taighde gníomhaíochta Damhsa agus Sláinte chun tábhacht an damhsa sa chúram sláinte a láidriú i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla, le pobail gairmithe sláinte agus le healaíontóirí damhsa, agus é mar aidhm ghinearálta aige múnla a sholáthar ar féidir é a úsáid go náisiúnta.
TAIGHDE EALAÍON ÁITIÚIL
Comhairle Contae Liatroma, le Cill Dara, Fine Gall agus Luimneach i gcomhpháirt leis an Ollamh John O’Hagan agus Indecon
Tionscnamh taighde a sheasann don chuspóir straitéiseach atá ag comhpháirtithe na n-údarás áitiúil, a oibríonn ar fad i gcomhthéacsanna éagsúla, cleachtas oibre na Seirbhísí Ealaíon a fhiosrú i gcomhthéacsanna éagsúla, a róil athraitheacha a thuiscint níos fearr, bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartas amach anseo, agus riachtanais na hearnála agus an phobail amach anseo a shásamh.
SIANSA DO NA DAILL
Comhairle Contae an Chláir i gcomhpháirt le Ceolfhoireann Cuimhne na hÉireann, Ealaíona agus Míchumas Éireann agus Comhairle Náisiúnta na nDall in Éirinn
Tionscnamh taighde agus forbartha ceolfhoirne do cheoltóirí a bhfuil lagú radhairc orthu, a mbeidh saothar nuachumtha mar thoradh air agus a chruthóidh timpeallacht thacúil do cheoltóirí chun ceol a fhoghlaim trí bhraille agus ardáin fuaime, a bheidh á stiúradh ag Ceolfhoireann Cuimhne na hÉireann agus 3L, acmhainn teagaisc ar líne.
AN TIONSCNAMH FÉINRIAR
Comhairle Contae agus Cathrach Luimnigh i gcomhpháirt le Damhsa Luimnigh, Music Generation, GOSHH,
Is clár óige ildisciplíneach é an Tionscnamh Féinriar atá á stiúradh ag Lisa McLoughlin a dhíríonn ar chaoinfhulaingt agus ar ghníomh trí mheán na healaíne agus a chríochnaíonn le léiriú/taispeántán agus siompóisiam a mhairfidh ar feadh seachtaine i gcomhpháirt le rannpháirtithe idirnáisiúnta ar ealaín agus féinriar in Ollscoil Luimnigh faoi stiúir an Dr Niamh McGabhann. Amanda Coogan a dhéanfaidh meantóireacht ar na healaíontóirí a bheidh ag déanamh éascaíochta ar na cláir óige