Cairt Chustaiméirí agus Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí
 |
D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon an chéad Chairt Chustaiméirí dá cuid agus Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí ar an suíomh gréasáin an mhí seo.
“Is cuid lárnach d’obair na Comhairle Ealaíon é seirbhís éifeachtúil éifeachtach d’ardchaighdeán a chur ar fáil”.
Leagtar amach sa Chairt Chustaiméirí na caighdeáin ar féidir le custaiméirí seirbhíse, bídís ina n-ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne, comhpháirtithe nó baill den phobail a bheith ag súil leo nuair a bhíonn siad ag plé leis an gComhairle Ealaíon ar an bhfón, i scríbhinn nó má labhraíonn tú béal ar bhéal le duine. Leagtar síos i gCairt Seirbhíse Custaiméirí na prionsabail atá mar bhonn is mar thaca ag an tseirbhís agus déantar cur síos sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí ar an gcaoi a gcuirfidh an Chomhairle Ealaíon na prionsabail sin i bhfeidhm.
Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta an chaoi a dtabharfaidh an Chomhairle Ealaíon na gealltanais a dhéantar sa chairt chun críche agus an chaoi a ndéanfar tuairisciú ar an gcaoi a n-éiríonn léi sa réimse sin. Leagtar síos ann na céimeanna a thógfaidh an Chomhairle Ealaíon sna trí bliana seo romhainn chun na tiomantais faoi gach ceann den 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ón Rialtas a chomhlíonadh.
 |
|