Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
 |
Chonaic go leor againn sneachta ag tús an Mhárta, agus cé gur cuireadh isteach ar roinnt imeachtaí ealaíne (fiú gnó na Comhairle Ealaíon), níor chuir sé drochmhisneach orthu siúd a raibh saothar á dhéanamh acu. Tá formhór ar ais ar a seanléim anois agus ag súil leis an earrach, nuair a thagann sé! Tá moladh speisialta le fáil ag féile Cheol Nua Bhaile Átha Cliath – tá an Chomhairle Ealaíon mar chomhpháirtí sa tionscnamh – agus b’éigean é a chur ar ceal, ach tá go leor de na ceolchoirmeacha á socrú do dhátaí eile níos déanaí sa bhliain cheana féin.
Fógróimid cé a gheobhaidh ár nDámhachtain Sparánachta (babhta a haon) an mhí seo. Mar ghníomhaireacht atá dírithe ní hamháin ar na healaíona inniu ach ar fhorbairt fhadtéarmach na n-ealaíon in Éirinn, measaimid go bhfuil fíorthábhacht leis na dámhachtainí. Tá an cuspóir simplí; tacú leis an ealaíontóir aonair a c(h)leachtas a fhorbairt. Tá an modh éasca; dámhachtain suas le €15,000 chun am agus acmhainní a cheannach dóibh. Bíonn an próiseas roghnúcháin crua uaireanta, mar go bhfuil sé an-iomaíoch. Faighimid iarratais iontacha ó go leor ealaíontóirí, agus déanaimid measúnú cúramach ar gach ceann, á gcur os comhair painéal piaraí na n-ealaíontóirí. Anuraidh chuir 681 ealaíontóir isteach air, agus d’éirigh le 187. Tá súil agam go seasfaidh sibh liom chun tréaslú leo siúd ar fad ar bronnadh sparánachtaí orthu, agus chun spreagadh a thabhairt dóibh siúd nár éirigh leo leanúint ar aghaidh.
Ba mhaith liom a chur i gcuimhne dóibh siúd a bhfuil nasc acu le scoil go bhfuil spriocdháta ann an mhí seo chomh maith, Déardaoin an 22, d'iarratais le bheith páirteach inár dtionscnamh Scoileanna Ildánacha, cuid de chlár Éire Ildánach an Rialtais. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta d’iarratais le bheith mar Chomhlach Cruthaitheach – na healaíontóirí agus na hoideoirí a bheidh i gcroílár an chláir – go dtí Dé hAoine seo, ag 1.00 pm.
Chuireamar síneadh chomh maith leis an spriocdháta don Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona go dtí Dé Máirt an 13 Márta ag 5.30pm. Mar is iondúil, molaimid go láidir gan d’iarratas a fhágáil go dtí an lá deireanach.
Le gach dea-mhéin,

Orlaith McBride
An Stiúrthóir
 |
|