Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí, 2018
 |
Cuireann Ealaíontóirí Radharcacha Éire, thar ceann na Comhairle Ealaíon, fáilte roimh iarratais ar dheontas suas le €40,000 ar a mhéad i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí. I gcomhréir le cáipéis beartais na Comhairle Ealaíon Visual Artists’ Workspaces in Ireland – A New Approach (DOC, 0.18 MB), tá sé mar aidhm leis an scéim seo cabhrú le spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí atá i mbun oibre agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú d’amharc-ealaíontóirí cónaitheacha. Dámhfar deontas suas le €40,000 faoin scéim i dtreo costais reatha amhail solas, teas, cíos, costais riaracháin agus/nó costais oiriúnacha tuarastail. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar chostais chaipitil tríd an scéim seo. Tuilleadh eolais Feic ar www.visualartists.ie Spriocdháta Is é 5.30 p.m. an Déardaoin, an 12 Deireadh Fómhair 2017 an spriocdháta le haghaidh iarratas. Sonraí teagmhála Bernadette Becher Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí, 2018 Ealaíontóirí Radharcacha Éire Windmill View House, 4 Sráid Oliver Bond, Baile Átha Cliath 8. T: 01 6729488 Ríomhphost: bernadette@visualartists.ie
 |
|