Tá Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, i gcomhar le hOllscoil na Banríona i mBéal Feirste, ag lorg léirithe spéise i gComhaltacht Scríbhneora nua do Leanaí dar luach £15,000 sa bhliain.
Post:Comhaltacht Scríbhneora do Leanaí
Láthair:Ionad Seamus Heaney don Fhilíocht, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Faoi stiúir: Grúpa Stiúrtha Oidhreacht Heaney de chuid QUB/ACNI
Tréimhse an cheapacháin:Dhá bhliain – páirtaimseartha
Uaireanta oibre: Solúbtha (le socrú). Is ag uaireanta frithshóisialta a bheidh cuid de na huaireanta sonraithe.
Spriocdháta: Dé Céadaoin, an 15 Márta 2017
Táille oinigh: £15,000 sa bhliain
Dáta measta an agallaimh: Dé Céadaoin, an 22 Márta 2017
RÁITEAS EAGRAÍOCHTÚIL
Tá raon gníomhaíochtaí forbartha i gcomhpháirt ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, chun oidhreacht Seamus Heaney a chinntiú do Bhéal Feirste agus do Thuaisceart Éireann. Táthar ag súil go soláthrófar leis an tionscnamh comhpháirteach seo spreagadh agus tacaíocht do bhua na scríbhneoireachta cruthaithí i measc na glúine reatha agus sna glúine amach anseo.
Oibreoidh an Comhalta i gcomhar le foireann Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus le heagraíochtaí seachtracha chun ceardlanna a chur ar fáil agus cuairt a thabhairt ar scoileanna (idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna) ar fud Thuaisceart Éireann.
Is é £15,000 sa bhliain luach na comhaltachta, agus beidh na gníomhaíochtaí ar siúl i rith na bliana acadúla: tá an dáta tosaithe agus na huaireanta le socrú.
Déanfaidh painéal saineolaithe ón dá chomhpháirtí athbhreithniú ar CVanna gearra agus ar thograí faoi bhun 2,000 focal ar fad ó scríbhneoirí.
Ní mór iad sin a chur isteach i gcóip chrua nó ar ríomhphost chuig hr@artscouncil-ni.org faoi 4.00 i.n. Dé Céadaoin, an 15 Márta 2017.
Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann
1 The Sidings, Antrim Road, LISBURN BT28 3AJ, Tuaisceart Éireann
Tá tuilleadh sonraí le fáil ar http://artscouncil-ni.org/news/new-childrens-writers-fellowship