Clinic Faisnéise go luath le haghaidh Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas
 |
Tá Dámhachtain Sparánachta DÓLO oscailte d’ealaíontóirí gairmiúla aonair atá ag obair le leanaí agus le daoine óga, agus ag léiriú saothar dóibh, thar raon leathan foirmeacha ealaíne. Tugann an dámhachtain am agus acmhainní do na healaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun a gcleachtas ealaíonta a fhorbairt. Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Sparánachta DÓLO 2018 ón 12 Meitheamh go dtí 17:30 Déardaoin, an 12 Iúil 2018.
Is é cuspóir an tseisiúin seo cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo a roinnt agus treoir phraiticiúil a thabhairt maidir leis an bpróiseas iarratais. Beidh deis chomh maith cloisteáil ó dhaoine eile a fuair an dámhachtain cheana faoin gcaoi ar úsáid siad an dámhachtain chun a gcleachtas a fhorbairt.
Clár
- Tosóidh an t-imeacht ag 1.30pm, agus beidh sólaistí ar fáil
- Réamhrá agus cuspóirí na dámhachtana sparánachta
- Taithí iad siúd a fuair an dámhachtain roimhe seo
- An Próiseas iarratais
- Seisiúin ginearálta ceisteanna agus freagraí
- Dúnfaidh an t-imeacht ag 4pm
Tá treoracha chuig Amharclann Halla na Cathrach ar fáil anseo.
Cláraigh le freastal ar an seisiún faisnéise trí ríomhphost a chur chuig ypce@artscouncil.ie
 |
|