Féadtar iarratas a dhéanamh anois ar Ghradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble 2019
Féadtar iarratas a dhéanamh anois ar Ghradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble. Ní mór go mbeidh saothar an iarratasóra ina dhráma nua a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2019 chun bheith incháilithe le cur isteach ar an ngradam seo. Caithfidh iarratasóirí cóip leictreonach dá script a sheoladh chuig info@fishamble.com, mar aon le sonraí faoin taibhiú, faoi Dé Luain, an 6 Lúnasa.
Tá tacaíocht spriocdhírithe amharclannaíochta chun cuidiú leis an scríbhneoir lena scríbhneoireacht amach anseo mar chuid de Ghradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble. D’fhéadfadh go mbeadh scoláireacht chun freastal ar chúrsa scríbhneoireachta drámaí, scéimeanna meantóireachta de chuid Fishamble, agus/nó tacaíocht tríd an gClinic do Dhrámaí Nua don chéad dráma eile a scríobhann an drámadóir mar chuid den tacaíocht sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: www.fishamble.com/new-writing-award
|