Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas i gcomhair camchuairteanna a thosóidh idir Eanáir agus Meitheamh 2016 ná Déardaoin an 7 Bealtaine 2015. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte ar líne ón 7 Aibreán 2015.
Fearacht an scéil i mbabhtaí na scéime sin roimhe seo, tig le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar chamchuairteanna thuaidh/theas chomh maith.
Cuirfear na tosaíochtaí céanna agus na critéir chéanna i bhfeidhm sa dá dhlínse, agus ní mór go dtaispeánfar sna hiarratais, mar is amhlaidh faoi láthair, comhcheangal oibre idir léiritheoirí agus ionaid.
Tá ceardlanna réamhiarratais á reáchtáil ag Lucht Féachana na nEalaíon atá dírithe ar aon eagraíocht nó duine aonair atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair atá ag teacht aníos. Tá na ceardlanna seo dírithe orthu siúd a bhfuil iarratas déanta acu cheana, agus/nó a rinne camchuairt cheana, mar aon leo siúd a bhfuil iarratas á dhéanamh acu den chéad uair. Tá an cheardlann ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil a gcuid smaointe forbartha acu, le cuidiú leo le réimsí ar leith agus chun ceisteanna a fhreagairt.
Beidh dhá cheardlann ar siúl i nGaillimh, Dé Céadaoin an 1 Aibreán agus i mBaile Átha Cliath, Déardaoin an 2 Aibreán.
Cliceáil anseo chun clárú le haghaidh na Gaillimhe
agus anseo chun clárú le haghaidh Bhaile Átha Cliath.
Is í an Chomhairle Ealaíon a dhéanfaidh an riarachán go léir a bhaineann leis an scéim seo agus is féidir aon cheist ginearálta a chur chuig val.ballance@artscouncil.ieIs é an spriocdháta don scéim seo an 7 Bealtaine 2015.