Mar is gnách, cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar bith maidir le maoiniú an AE le haghaidh cultúir. Déan teagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie
Connecting Across Borders: Building and Sustaining Cross-Border Networks (Nascadh thar Theorainneacha: Gréasáin Trasteorann a Thógáil agus a Choinneáil)
Tionól dhá lá d’Ealaíontóirí Óga, d’oibrithe Ealaíon na nÓg agus de ghníomhairí maoiniúcháin Ealaíon na nÓg, arna reáchtáil i gcomhar le Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir.
I measc na n-aoichainteoirí beidh Gavin Stride (Farnham Maltings, an Ríocht Aontaithe), Kylie Lloyd (Stiúrthóir Rannpháirtíochta, Northern Stage, Newcastle, an Ríocht Aontaithe) agus Katie Lowry (Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir).
Eagraíodh mionsiompóisiam anuraidh le linn an Junction Festival; díríodh ar rannpháirtíocht in ealaíona na n-óg. Tiocfaidh toscairí Éireannacha agus idirnáisiúnta ar spéis leo caidreamh trasteorann a fhorbairt agus a choinneáil, agus aird ar leith ar ealaíona na n-óg, le chéile i mbliana chun eolas agus smaointe a roinnt agus cur leis an obair a tosaíodh in 2014. Féachfar in Connecting Across Borders, atá á reáchtáil i gcomhar le Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir, le léargas a thabhairt dóibh siúd ar mian leo comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú ar an gcaoi a mbaintear a leithéid amach agus ar na dúshláin a bheidh le sárú.
Má tá níos mó faisnéise uait nó más maith leat áit a chur in áirithe, déan teagmháil le David nó Claire ar info@junctionfestival.com agus feic anseo.
Glao oscailte ar chóiréagrafaithe
Tá gréasán damhsa Aerowaves ag reáchtáil glao oscailte faoi láthair ar iarratais ó chóiréagrafaithe luathghairme ar mian leo a bheith mar cheann d’ealaíontóirí Aerowaves Twenty don bhliain 2016.
Cuirfear saothar na n-ealaíontóirí damhsa a roghnófar le haghaidh Aerowaves Twenty chun cinn ar feadh bliain amháin trí líonra Aerowaves. Lena chois sin, tá seans ann go gcuirfidh comhpháirtithe ghréasán Aerowaves saothar gach duine a dhéanann iarratas ar chlár.
Ina theannta sin, tá faill ag cóiréagrafaithe a dhéanann iarratas a bheith ar an gclár i bhFéile Spring Forward in Pilsen, Poblacht na Seice i mí Aibreáin 2016. Mórfhéile idirnáisiúnta damhsa é Spring Forward a mheallann níos mó ná céad sceidealóir clár damhsa agus taibh-ealaíon gach bliain.
Déan iarratas leis an bhfoirm iarratais ar líne idir an 1 Meitheamh agus an 14 Meán Fómhair 2015. Téigh chuig suíomh Gréasáin Aerowaves chun tuilleadh eolais a fháil: http://aerowaves.org/news/open-call-for-choreographers-apply-to-aerowaves-now
Comhdháil Bhliantúil de chuid Culture Action Europe: Beyond the Obvious – Gothenburg, an 15 - an 17 Deireadh Fómhair 2015
Beidh Comhdháil 2015 arna forbairt i gcomhar le Réigiún Västra Götaland (an tSualainn)
ina tionól machnamhach ina mbeidh comhráite beaga agus móra, teagmhálacha agus malartuithe idir imreoirí áitiúla agus Eorpacha cultúir.
Fiosrófar gach ceist i seisiúin lena ngabhann formáidí éagsúla. Gach bliain, nascann BtO níos mó ná 250 duine ó phobal cultúrtha na hEorpa agus an chathair óstála, i gcómhalartú a théann chun leasa do chumasú pobal agus daoine araon.
Féach anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir chun labhairt ag d’imeacht
Ní hamháin go n-eagraímid ár gcuid imeachtaí féin, ach is minic a thugtar cuireadh do Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir chun labhairt ag imeachtaí trasna na tíre. Léiríonn an Oifig Cultúr deiseanna maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh atá ar fáil faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach, agus tugann sí comhairle faoin gcaoi a dtógtar comhpháirtíochtaí agus a bhforbraítear tionscadail Eorpacha.
Má tá sé ar intinn ag d’eagraíocht comhdháil, seimineár, ceardlann nó cruinniú comhpháirtithe a reáchtáil a mbeadh rannpháirtíocht nó freastal na hOifige Cultúir tairbheach dó nó di, déan teagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie