Is é Déardaoin, an 9 Meitheamh 2016 ag 5.30pm an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Deis na Comhairle Ealaíon. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 10 Meitheamh 2016 ar aghaidh.
Is é cuspóir Dhámhachtain Deis tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail ealaíon traidisiúnta. Tá tionscadail atá faoi stiúir na n-ealaíon traidisiúnta agus lena mbaineann comhar le foirmeacha eile ealaíne incháilithe freisin. Is do thionscadail aonuaire nó ghearrthéarmacha amháin a thugann Deis tacaíocht, agus ní chuirfear aon mhaoiniú eile ar fáil faoin dámhachtain seo.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:
• Aird ar chaighdeán ealaíonta
• Nuálaíocht
• Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.
Tá Dámhachtain Deis oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do bhannaí agus d’eagraíochtaí.
Cuireann straitéis deich mbliana (2016-2025) na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, bonn eolais faoi na dámhachtainí uile.
Tá Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh Dhámhachtain Deis ar an rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don iarratasóir a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
Tabhair faoi deara – Ní bheidh iarratais ar thionscadail atá bunaithe ar shaothar amhail ábhair theagaisc, bailiúcháin fonn, scríbhneoireacht chriticiúil, etc., a fhoilsiú incháilithe le haghaidh Dhámhachtain Deis, ach is féidir iarratais mar sin a chur isteach ar Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis. Fógrófar an spriocdháta ina leith sin go luath in 2016.