Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair Ghairmeacha Oscailte 2018
 |
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Gairmeacha Oscailte an 20 Márta. Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua 5.30 pm Déardaoin, 19 Aibreán 2018. Glacfar le hiarratais ar shuíomh Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Gairmeacha Oscailte
Tacaíonn na Gairmeacha Oscailte le saothar sármhaith bunaidh agus uaillmhianach a chruthú. D’fhéadfadh an saothar sin a bheith comhoibritheach agus/nó turgnamhach.
Spriocdháta
|
17:30, Déardaoin, 19 Aibreán 2018
|
Uasmhéid na dámhachtana
|
Sraith 1: Forbairtí €10,000
Sraith 2: Cruthú €350,000
|
Foirm agus cleachta(i)s ealaíne
|
Ailtireacht, Rannpháirtíocht sna healaíona, Sorcas, Damhsa, Féilte agus imeachtaí, Scannán, Litríocht, na hEalaíona áitiúla, Ceol, Ceoldrámaí, Ealaíona sráide, Amharclannaíocht, na hEalaíona traidisiúnta, Ionaid tionóil, na hAmharc-ealaíona, Daoine óga, leanaí agus oideachas
|
Cineál iarratasóra
|
Gach cineál
|
Iarratas comhoibritheach indéanta?
|
Tá
|
D’fhéadfadh na tionscadail a bheartaítear mar fhreagairt do na Gairmeacha Oscailte a bheith i bhfoirm ealaíne ar bith, i réimse cleachtais ealaíon ar bith nó d’fhéadfaidís a bheith trasdisciplíneach.
An Próiseas iarratais
Soláthrófar sonraí iomlána an phróisis iarratais i dtreoirlínte na scéime.
Treoirlínte
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin le healaíona (Phoblacht) na hÉireann. Ní mór do thograí a fhaightear ó eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon faoi Mhaoiniú Straitéiseach, Comhpháirtíochta nó d'Ionaid Tionóil fianaise a sholáthar gur tionscadal eisceachtúil atá i gceist agus go bhfuil sé taobh amuigh de shainchúram a ngníomhaíochtaí maoinithe.
 |
|