San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach in 2017 ar oscailt anois i gcomhair áirithintí
The Readers’ Voice
Soláthar Comhairleoirí Ealaíon
2023: Iardhearcadh na Todhchaí agus EALAÍN: 2016
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta
Scéim Meantóireachta do Scríbhneoirí Ceoil
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Spriocdháta don Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht
Spriocdháta: Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2017 ar oscailt anois
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Dearadh an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair chun tacaíocht a thabhairt maidir le saothar a thabhairt ar camchuairt agus a scaipeadh thar raon foirmeacha ealaíne agus cleachtas ealaíon.

 

Is é an 4 Bealtaine an spriocdháta don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna a bheidh ar siúl sa tréimhse ó Eanáir go Meitheamh 2018. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais trí na seirbhísí ar líne ón 4 Aibreán 2017.

 

Mar a tharla le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht chomhpháirteach a thabhairt do chamchuairteanna thuaidh-theas. Ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarratais ó Thuaisceart Éireann agus ó Phoblacht na hÉireann dátaí ón dá dhlínse a chur san áireamh.

 

Moltar d’iarratasóirí dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon chun comhairle a fháil maidir leis an scéim. Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an mbainisteoir cuí nó le val.ballance@artscouncil.ie.

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver