Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir (Na Taibhealaíona agus na hAmharc-ealaíona) – dhá spriocdháta atá ag teacht aníos idir inniu agus Meán Fómhair 2019!
 |
Osclófar an chéad Ghairm eile maidir le Soghluaisteacht Ealaíontóirí ar an 2 Meitheamh.
Cuirfidh an scéim phíolótach soghluaisteachta seo tacaíocht ar fáil do 350-500 turas idirnáisiúnta gearr (15-85 lá) d’ealaíontóirí a oibríonn sna taibhealaíona nó sna hamharc-ealaíona agus a bhfuil cónaí orthu i dtír atá páirteach in An Eoraip Chruthaitheach. Caithfidh na healaíontóirí taisteal chuig tír atá mar chuid den Eoraip Chruthaitheach. Ní mór cuspóir shonraithe agus sainmhínithe a bheith ag na turais seo, cuir i gcás comhoibriú idirnáisiúnta a fhorbairt, páirt a ghlacadh i gcónaitheacht ina ndíreofar ar tháirgeadh nó ar fhorbairt phearsanta, chun obair a chur i láthair i dtír eile nó chun tionscadail a fhorbairt le pobail áitiúla sa tír cinn scríbe.
Déanfaidh an clár, an Eoraip Chruthaitheach, de chuid an Aontais Eorpaigh trialacha, le tionscadail cosúil le i-Portunus, maidir leis an mbealach is fearr le soghluaisteacht thrasteorann a éascú d’ealaíontóirí. Beidh an cineál soghluaisteachta seo ina Ghníomh buan faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach, don tréimhse 2021-2027.
Tá tuilleadh faisnéise faoin ngairm le fáil anseo: www.i-portunus.eu/.
 |
|