Tionscnamh Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon
 |
Bhí Scoileanna Ildánacha an-ghnóthach le linn an fhómhair agus díríodh ar oiliúint agus ar an bhforbairt le linn na tréimhse sin. Bhí an fhoireann i mbun teagmhála agus oiliúna le 47 Comhlach Cruthaitheach agus níos mó ná 350 ionadaí ón 150 scoileanna píolótacha. Bhí tiomantas na scoileanna na healaíona agus sa chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na scoile le feiceáil go tréan le linn na hoiliúna seo bhí siad an-díograiseach maidir leis na féidearthachtaí atá ann foghlaim sna healaíona agus tríd na healaíona agus tógfaidh siad na cuir chuige sin ar ais le cur i bhfeidhm ina bpobail scoile féin. Ar cheann de phríomhaidhmeanna an tionscnaimh tá ról lárnach a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga sa phróiseas seo agus cuireadh lá oiliúna ar fáil do na Comhlaigh Chruthaitheacha ón bhfoireann iontach ag Hub na nÓg – Guthanna Óga i gCinnteoireacht, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Thosaigh na Comhlaigh Chruthaitheacha ag bualadh lena scoileanna agus ar na chéad chéimeanna ina gcuid oibre le chéile.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/
Téigh chuig www.artscouncil.ie/creative-schools/pilot-schools/ chun breathnú ar liosta iomlán den 150 scoil a roghnaíodh le bheith páirteach sa chéim phíolótach de Scoileanna Ildánacha.
Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
 |
|