Spotsolas ar Mhaoiniú an AE ag Babaró, an Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta do Leanaí – Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair
Táimid ag obair i gcomhar le Babaró ar a sraitheanna cainte dar teideal Talking About agus Spotlight Series le go gcuirfimid plé painéil i do láthair le saineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta a labhróidh faoi thionscadail idirnáisiúnta agus faoi mhaoiniú an AE. An bhfuil tú ag iarraidh maoiniú a fháil ón AE le haghaidh saothar nua? An bhfuil teacht ag ealaíontóirí in Éirinn ar thionscadail a mhaoiníonn an AE? An fiú an maoiniú an trioblóid? Beidh daoine a ghlac páirt i dtionscadail Eorpacha ag tabhairt cuntas ar a dtaithí féin orthu ag an ócáid shaor in aisce seo. Is í Dani Gill ón eagraíocht Cúirt a bheidh i mbun cathaoirleachta ar an bpainéal, ar a mbeidh freisin Marc MacLochlainn (Branar), Ingrid Wolff (Festival 2 Turven Hoog, an Ísiltír), Stephen Midlane (Polka Theatre UK) agus Orla Kenny (Kids’ Own/Practice.ie). Beidh fáiltiú fíona agus deis líonraithe ann i ndiaidh an phlé.
Dáta: 14 Deireadh Fómhair, 6:30pm
Ionad: Amharclann Mick Lally, Lána an Draoi, Gaillimh
Faigh eolas maidir le háirithintí ar shuíomh gréasáin Baboró
Clárú oscailte anois don Fhóram Eorpach Cultúir, 2015!
Beidh an Fóram Eorpach Cultúir, a tharlaíonn gach re bliain, ar siúl sa Bhruiséil ar an 26-27 Samhain 2015.
Tá an Fóram Cultúir ceaptha spás a thabhairt do lucht déanta beartais an AE agus do lucht na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar chuid de na dúshláin a bhaineann le réimse an chultúir agus ar na forbairtí ann.
Is é is aidhm leis an bhFóram i mbliana aghaidh a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le tallann agus cruthaitheacht an duine borradh a chur faoin bhfás geilleagrach agus faoi phoist agus ar an gcaoi ar féidir leis an gcultúr an Eoraip a neartú ar fud an domhain. Breathnófar le linn an Fhóraim freisin ar an gcultúr i gcomhthéacs an mhargaidh aonair dhigitigh, ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar an dialóg idir cultúir éagsúla.
Más spéis leat beartas agus tionscadail chultúrtha na hEorpa, tabharfaidh an Fóram deis ar leith duit eolas a fháil díreach ón gCoimisiún Eorpach agus teagmháil agus líonrú a dhéanamh le comhghleacaithe ón AE.
Tá an clár iomlán le léamh anseo, áit a bhféadfaidh tú clárú don imeacht freisin.
Suíomh gréasáin nua á sheoladh ag an gClár Comhpháirtíochta sna hEalaíona Comhpháirteacha
Tionscadal ilbhliantúil comhpháirtíochta uaillmhianach atá i gClár Comhpháirtíochta sna hEalaíona Comhpháirteacha (CAPP) 2014 – 2018 atá á mhaoiniú ag an AE agus á threorú ag an eagraíocht Éireannach CREATE. Tá clár imeachtaí trasnáisiúnta ann a mhairfidh ceithre seachtainí agus a fhéachann le deiseanna nua feabhsaithe a thabhairt d’ealaíontóirí a bheith ag obair go comhpháirteach ar fud na hEorpa.
Tá sraitheanna éagsúla sa Chlár CAPP a chuimsíonn deiseanna forbartha gairmiúla go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, scéimeanna cónaitheachta d’ealaíontóirí, saothair choimisiúnaithe agus cur i láthair agus díospóireachtaí poiblí. Reáchtálfar mórthaispeántas mar chlabhsúr leis in 2018.
Sheol an tionscadal CAPP suíomh gréasáin le déanaí mar a bhféadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoi:
http://www.cappnetwork.com
Beidh comhpháirtithe CAPP ag obair le Artway of Thinking ag Biennale na Veinéise i mbliana. Tá tuilleadh eolais faoi sin le léamh sa phreasráiteas anseo (pdf).
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir chun labhairt ag d’imeacht
Ní hamháin go n-eagraímid ár gcuid imeachtaí féin, ach is minic a thugtar cuireadh do Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir chun labhairt ag imeachtaí trasna na tíre. Léiríonn an Oifig Cultúr deiseanna maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh atá ar fáil faoin gclár, an Eoraip Chruthaitheach, agus tugann sí comhairle faoin gcaoi a dtógtar comhpháirtíochtaí agus a bhforbraítear tionscadail Eorpacha.
Má tá sé ar intinn ag d’eagraíocht comhdháil, seimineár, ceardlann nó cruinniú comhpháirtithe a reáchtáil a mbeadh rannpháirtíocht nó freastal na hOifige Cultúr tairbheach dó nó di, déan teagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie