Mí Mheán Fómhair beag seo, tabharfaidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, Anne Enright, a léacht bhliantúil dar teideal The Count: what the figures say about being a female Irish writer today.
Ag labhairt di faoin léacht, dúirt Anne Enright, “Is é seo mo chéad fhreagra agus mo fhreagra deireanach ar an gceist sin nach féidir freagra a thabhair uirthi ‘cad é mar atá sé mar bhean ag scríobh i dtraidisiún na hÉireann?’. Iarracht atá ann bogadh thar an reitric agus breathnú ar roinnt fíorstaitisticí faoi ionadaíocht inscne i réimse scríbhneoireachta na hÉireann. Ceiliúradh atá ann chomh maith ar an athrú atá ag tarlú go gasta le cúpla bliain anuas.”
Dáta agus am: 14 Meán Fómhair 2017, 6.30p.m.
Láthair: Téatar na Léachtaí, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean Thiar, Baile Átha Cliath 2
Tá saorchead isteach, ach ní mór áit a chur in áirithe trí Eventbrite: https://annual_laureate_lecture.eventbrite.ie
Is í Anne Enright an chéad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus bhronn an Chomhairle Ealaíon an onóir uirthi go luath sa bhliain 2015. Cuireann an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach litríocht Éireannach chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagann sí an pobal suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán. Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU) agus ó The Irish Times.