Scéim Infheistíochta na bhFéilte – Clinicí
 |
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Clinicí le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte a bheidh ar siúl in Éirinn i Márta agus Aibreán 2018. Ceapadh na clinicí chun tacú le féilte ar mian leo iarratas a dhéanamh ar cheachtar den dá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (féach thíos chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na dátaí chun iarratas a dhéanamh).
Ceapadh na clinicí chun féilte a threorú tríd an bpróiseas iarratas agus chun tuilleadh faisnéise a thabhairt maidir leis an scéim. Beidh cur i láthair ann agus ansin seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sin.
Dátaí na gClinicí
Dánlann Ealaíne Crawford, Corcaigh
|
Corcaigh
|
08/03/2018
|
2-4 pm
|
Glór, Inis
|
An Clár
|
21/03/2018
|
2-4 pm
|
Ionad Ealaíon an Droichid, Droichead Átha
|
Lú
|
26/03/2018
|
2-4 pm
|
Amharclann & Ionad Ealaíon Bhiorra, Biorra
|
Uíbh Fhailí
|
03/04/2018
|
2-4 pm
|
Féach ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte.
Tabharfar áit do dhaoine sna clinicí de réir mar a thagann siad isteach.
 |
|