Breac síos an Dáta! An Chomhdháil um na hEalaíona agus Míchumas, Eanáir 2016
 |
Le linn na comhdhála, ríomhfar dán na gcleachtas i ngort na n-ealaíon agus an mhíchumais le deich mbliana anuas in Éirinn, ag tarraingt ar shaineolas náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimsí éagsúla agus cleachtas ealaíne, rochtain ar na healaíona, agus clárú, ceannaireacht, forbairt agus beartas ealaíon. Imeacht dhá lá a bheidh ann a thabharfaidh deis don lucht freastail téama na comhdhála a chíoradh go mion leis na smaointeoirí, na cumadóirí agus na hurlabhraithe is mó tionchar sa réimse. Beifear in ann breathnú ar shaothair ealaíne den scoth freisin agus cóisir a dhéanamh i gClub Tropicana, atá ar cheann de na clubanna oíche is mó agus is fearr a fhreastalaíonn ar phobal uile na hÉireann. Is é aidhm na comhdhála dul i mbun rannpháirtíocht le sciar leathan den phobal chun caidrimh nua comhpháirtíochta agus comhoibrithe a fhorbairt don am atá le teacht. Tá an chomhdháil á reáchtáil ag Arts & Disability Ireland i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, le Ignite agus le neart comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile. Beidh sí ar siúl Dé Céadaoin agus Déardaoin, an 27-28 Eanáir 2016, in Amharclann na Cathrach agus sa Dubhlann i nGaillimh. Tuilleadh sonraí le teacht sna seachtainí amach romhainn www.adiarts.ie
 |
|