Do Lucht Féachana a Mhapáil – Seimineár gréasáin an 25 Márta 2015 11am go 12 meán lae
Uirlis é Do Lucht Féachana a Mhapáil a d’fhorbair AIRO don Chomhairle Ealaíon. Tá seisiún treorach ar líne socraithe ag Lucht Féachana na nEalaíon agus ag an Roinn Forbartha Straitéisí chun an acmhainn seo a úsáid mar aon le hacmhainní ar líne TGI agus mapála eile. Cuireann na huirlisí seo ar do chumas lucht féachana le haghaidh do chuid saothair a aithint agus a thuiscint.
AN DÓIGH A N-OIBRÍONN SÉ.
Reáchtálfar an seisiún ar líne, agus beidh tú in ann idirghníomhú le hEoghan McCarthy as AIRO beo ó do dheasc ar Google Hangout. Tabharfaidh Eoghan breac-chuntas ar an gcaoi le “Do Lucht Féachana a Mhapáil” agus uirlisí lena mbaineann a úsáid, agus freagróidh sé do cheisteanna.
CÉ DÓ É?
Má d’fhreastail tú ar an seisiún faoin uirlis ag “Fócas ar Lucht Féachana” i mí na Nollag 2014 cuirfidh an seimineár gréasáin seo leis an méid a d’fhoghlaim tú, agus beidh tú in ann ceisteanna a chur ar Eoghan i ndáil le ceann ar bith de na hacmhainní maidir le do lucht féachana a mhapáil. Mura raibh tú ann, agus más mian leat bheith páirteach, beidh réamhrá á thabhairt againn ar na huirlisí roimh ré. Beidh an seisiún úsáideadh do dhuine ar bith a bhfuil ionaid acu san anailís. Seiceáil amach an bhfuil tú ann anseo.
CONAS A CHLÁRÓIDH MÉ?
Cliceáil anseo nach déanaí ná 5pm Dé hAoine, an 13 Márta. Tá an seisiún saor in aisce agus spreagaimid thú le ceisteanna a chur roimh ré sa spás atá ar fáil. Tabharfar treoracha mionsonraithe le páirt a ghlacadh sa seimineár gréasáin dóibh siúd a chláraigh roimh an imeacht.
Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair, ceardlanna réamhiarratais.
Tá ceardlanna réamhiarratais á reáchtáil ag Lucht Féachana na nEalaíon atá dírithe ar aon eagraíocht nó duine aonair atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair atá ag teacht aníos (spriocdháta Déardaoin, an 7 Bealtaine ag 5.30 pm) Tá na ceardlanna seo dírithe orthu siúd a bhfuil iarratas déanta acu cheana, agus/nó a rinne camchuairt cheana, mar aon leo siúd a bhfuil iarratas á dhéanamh acu den chéad uair. Osclaíonn an tréimhse iarratas Dé Máirt, an 7 Aibreán, agus bheifí ag súil go mbeadh do chuid smaointe le haghaidh camchuairte curtha le chéile faoi sin agus go mbeidh tú ag ullmhú le hiarratas mionsonraithe a dhéanamh. Tá an cheardlann ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil a gcuid smaointe forbartha acu le cuidiú leo le réimsí ar leith agus chun ceisteanna a fhreagairt.
Beidh dhá cheardlann ar siúl i nGaillimh, Dé Céadaoin, an 1 Aibreán agus i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, an 2 Aibreán.
Cliceáil anseo chun clárú le haghaidh na Gaillimhe
agus anseo chun clárú le haghaidh Bhaile Átha Cliath
Clár Forbartha Lucht Féachana – Tosaíonn Léiriú 2015
Ar an 25 Feabhra ag oiliúint de chuid an Irish Times, cuireadh fáilte roimh naoi mac léinn déag, ó eagraíochtaí léirithe Thuaidh agus Theas, chuig a gcéad lá i mbun staidéir. Cliceáil anseo chun tuairisc faoin lá a fheiceáil. Bronnfar teastas ar na naoi rannpháirtí dhéag i gCleachtas Bainistíochta ó Ollscoil Uladh agus cuirfidh siad pleananna forbartha lucht féachana ar fáil dá n-eagraíochtaí mar aon le hoibriú ar a bpleanáil straitéiseach, bainistíocht tionscadail agus scileanna ceannaireachta féin mar chuid den obair chúrsa.
I mbliana, den chéad uair, tá Lucht Féachana na nEalaíon i bpáirt le Audiences NI agus is as an Tuaisceart seisear de na naoi rannpháirtí dhéag. Fáiltímid roimh an deis seo chun caidreamh a fhás idir eagraíochtaí léirithe ar oileán na hÉireann. Reáchtálfar modúl an Mheithimh den chúrsa ag Ollscoil Uladh i mBéal Feirste, ag a mbeidh tuilleadh deiseanna le haghaidh líonrú a dhéanamh.
Guímid gach rath ar na mic léinn agus déanaimid comhghairdeas leo as a gcuid ama agus acmhainní a thabhairt chun lucht féachana a fhorbairt dá n-eagraíochtaí.
Rang 2015:
1 | Cumann Ceolfhoirne na nÓg in Éirinn | Allin Gray |
2 | Pan Pan | Aoife White |
3 | Music Network | Louise Walsh |
4 | Corn Exchange | Lucy Ryan |
5 | TBG&S | Rayne Booth |
6 | Opera Theatre Company | Sorcha Carroll |
7 | Na Píobairí Uilleann | Emmett Gill |
8 | Fishamble | Marketa Dowling |
9 | Improvised Music Company | Aoife Concannon |
10 | INYB | Katharine Lewis |
11 | Foras Ailtireachta na hÉireann | Síle Stewart |
12 | Decadent | Owen Barnes |
13 | Age & Opportunity | Joyce Dunne |
Rannpháirtithe Thuaisceart Éireann
14 | Moving on Music | Mick Bonner |
15 | Golden Thread Gallery | Sarah McAvera |
16 | Aisling Ghéar | Carrie Anne McAlonan McCrudden |
17 | Kids in Control | Gráinne Woods |
18 | Arts & Disability Forum | Chris Ledger |
19 | Prime Cut Productions | Una Nic Eoin |