Comhghairdeas le Jen Carson ar fógraíodh í mar dhuine de na ceithre laureate déag ar bronnadh Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht 2019 orthu ar an 22 Bealtaine 2019.
 |
Is tionscnamh bliantúil é Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht a thugann aitheantas do scoth na n-údar atá ag teacht chun cinn san Eoraip. Sheol an Coimisiún Eorpach an tionscnamh sa bhliain 2009 agus féadfaidh gach tír a ghlacann páirt sa chlár, an Eoraip Chruthaitheach, sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, cur isteach ar an gcomórtas. Gach bliain, ceapann giúiréithe i dtrian de na tíortha a ghlacann páirt sa tionscnamh a n-údair rathúla, ag cinntiú go ndéanfar ionadaíocht ar gach tír agus gach teanga thar thréimhse trí bliana. Tá Éire ar cheann de na tíortha sin sa bhliain 2019.
Dúirt Jan Carson ‘Tá fíor ríméad orm gur bhuaigh mé Duais an AE don Litríocht i mbliana. Is údar misnigh é gur cuireadh leabhar atá lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste chun cinn mar leabhar Éireannach, ag dul i ngleic le fadhbanna a mbíonn tionchar acu ar an oileán iomlán”.
Dúirt an Coimisinéir Navracsics an méid seo a leanas: “Léiríonn Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht cruthaitheacht agus éagsúlacht na litríochta Eorpaí agus aithnítear ann tábhacht ár n-earnála leabhar. Tríd an Duais seo agus tríd an gclár, an Eoraip Chruthaitheach, cuidíonn an Coimisiún Eorpach le húdair, le foilsitheoirí, le haistritheoirí agus le díoltóirí leabhar litríocht ar ardchaighdeán agus éagsúil a chur ar fáil do léitheoirí san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tréaslaím le gach duine ar bronnadh duais orthu i mbliana.”
 |
|