Moladh Free Market, Pailliún na hÉireann ag an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Bienale di Venezia 2018, go forleathan as an bhfiosrú a dhéantar ann ar aitheantas uathúil bhailte tuaithe na hÉireann nuair a cuireadh é ar taispeáint sa Veinéis in 2018. Rachaidh an taispeántas uaillmhianach seo ar camchuairt chuig ceithre bhaile in Éirinn anois.
Is taispeántas ailtireachta agus clár imeachtaí saor in aisce é Free Market ina ndéantar tábhacht chearnóga margaidh i mbailte beaga na hÉireann a fhiosrú. Rachaidh ‘Free Market’ ar camchuairt ar fud na hÉireann an samhradh seo, ag bailiú agus ag roinnt smaointe ar an mbealach.
Dátaí na Camchuairte Náisiúnta:
Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin ón 4 go dtí an 8 Iúil;
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí ón 21 go dtí an 23 Iúil;
Móinteach Mílic, Co. Laoise ón 5 go dtí an 8 Meán Fómhair;
Cill Mocheallóg, Co. Luimnigh ón 19 go dtí an 22 Meán Fómhair.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig: www.free-market.ie