Is í Heather Humphreys an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nua. Cuirim fáilte ó chroí roimpi agus í ag dul i mbun a róil nua. Tá a fhios agam go mbeidh sí ag iarraidh aithne a chur ar an oiread daoine agus is féidir ar fud an phobail ealaíon agus táimid ag tnúth le bheith ag obair léi. Am dúshlánach is ea seo do na healaíona in Éirinn, ach gabhann deiseanna leis sin freisin.
Is léir gur chruthaigh an laghdú i dtacaíocht rialtais mórdheacrachtaí d’eagraíochtaí agus d’ealaíontóirí aonair. Beag beann air sin, leanann na healaíona de bheith ag cur lenár saol náisiúnta ar bhealaí nach mbíonn i gcomhréir leis na hacmhainní a bhíonn á n-infheistiú. Tairbhí amháin na hoibre sin is ea seasamh na hÉireann thar lear, rud a dtacaíonn ár n-ealaíontóirí go mór leis. Cuirtear le cáilíocht na beatha inár bpobail ar an mbealach céanna.
Is rúndiamhair sinn ar bhealach toisc nach féidir obair an ealaíontóra a thomhas ina hiomláine in aon chor. Is gá spás mothúchánach suibiachtúil a bheith ann i gcónaí chun glacadh le healaín. Cé go bhfuil sé gann in Éirinn, is rud inmholta úsáideach é an síorchuardach i gcomhair méadraigh agus ba cheart é sin a shaothrú. Tabharfaidh taighde níos fearr tacaíocht níos fearr do na healaíona. É sin ráite, más gá feabhas a chur ar an mbonn taighde agus eolais a thacaíonn le healaíona na hÉireann mar thosaíocht, níor cheart ach fianaise eimpíreach amháin a chur san áireamh.
Agus iad á bplé san fheasachán seo, is ann do dheiseanna chun cáil na hÉireann a neartú agus feabhas a chur ar shaol an phobail in infheistíochtaí nach mbeifear in ann a thomhas go deo. Sampla amháin den iliomad deiseanna sin is ea an scéim cónaitheachta do na hEalaíona Traidisiúnta , ar comhpháirtíocht í idir an Chomhairle Ealaíon agus an Coláiste Ollscoile, Corcaigh, Comhaltacht Scríbhneoirí Luimnigh , ar comhpháirtíocht í idir Ollscoil Luimnigh agus an Chomhairle.
Is gá d’fhís áititheach do na healaíona bheith cróga go leor chun luach a chur ar rudaí intomhaiste. Feicfidh an tAire Humphreys lena súile féin an brú atá ar an earnáil. Creidim go bhfaighidh sí spreagadh ón misneach agus ón tsamhlaíocht a fheicfidh sí i ngach áit. Tá jab le déanamh aici ar ár son, tá jab le déanamh aici freisin maidir le ról a thabhairt dá comhghleacaithe comh-aireachta agus maidir le iad a spreagadh páirt níos doimhne agus níos díograisí a ghlacadh sna healaíona, iad mar chuid lárnach dar féidir leis an tír a bhaint amach.
Tá jab le déanamh againn freisin don Aire. Is gá don Chomhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt di agus dá feidhmeannaigh, agus an chomhairle is fearr agus an taighde is fearr atá bunaithe ar fhianaise á gcur ar fáil againn dóibh. Is gá dúinn obair a dhéanamh léi chun dea-theistiméireacht a thabhairt di ar an tairbhe ollmhór a bhaineann Éire as na healaíona agus ar an dóigh ar cheart d’Éirinn tosaíocht níos láidre a thabhairt dóibh. Guímid gach rath ar an Aire agus, thar ceann gach duine sa Chomhairle Ealaíon, táim ag tnúth le bheith ag obair léi.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride Stiúrthóir